Cosán nascleanúna
Europa.eu seo suíomh Gréasáin oifigiúil an Aontas Eorpaigh. Is túsphointe maith é má tá eolas agus seirbhísí uait a sholáthraíonn an AE agus mura bhfuil fios do bhealaigh agat timpeall suíomhanna Europa.
Ar an suíomh seo gheobhaidh tú:
Tá an suíomh seo á chur ar fáil ag Roinn Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh ![]()
![]()
thar ceann institiúidí an AE.
Is féidir an suíomh seo a chuardach ach úsáid a bhaint as ceann dár bpríomhábhair, m. sh. Eolas faoin AE, Do shaol san AE, Bí páirteach, é sin, nó bain úsáid as an inneall cuardaigh nó as an innéacs A-Z.
Tá an AE ar cheann de na heagraíochtaí is mó ar domhan a fhoilsíonn eolas ar líne. Dá bhrí sin dhealródh sé uaireanta gur deacair eolas a aimsiú. Cuirtear an t-uafás eolais ar líne gach aon lá, eolas lena n-áirítear reachtaíocht, staitisticí, preaseisiúintí, tuarascálacha beartais agus tuilleadh nach iad.
Tá a suíomh Gréasáin féin ag gach institiúid agus ag gach gníomhaireacht de chuid an AE. Tá a shuíomh féin ag gach ceann d’oifigí an AE sna balltíortha agus i dtíortha mórthimpeall an domhain, chomh maith. Díríonn seirbhísí ar líne eile de chuid an AE ar réimse ábhar ar nós uimhir CBL cuideachta a aimsiú, foilseacháin de chuid an AE a ordú agus cabhrú le daoine poist a chuardach thar lear.
Ar an suíomh seo déanaimid ár ndícheall tú a threorú chuig an eolas sin. Tá iarracht déanta againn an t-eolas sin a chur in ord go soiléir de réir cineáil agus tá cur síos déanta againn ar an eolas a gheofar laistiar de gach nasc.
Is duitse a ceapadh Europa.eu. Oibrímid as lámh a chéile le lucht úsáide an tsuímh Ghréasáin chun struchtúr agus teanga an tsuímh a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Mar sin féin táimid ag féachaint le feabhas a chur air riamh is choíche.
Más mian leat do thuairim a chur in iúl dúinn nó moltaí nó aiseolas a thabhairt faoin suíomh seo, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le foireann Ghréasáin Europa
Aon tuairimí a fhaighimid ó úsáideoirí ár suímh Ghréasáin, aistrítear iad, léitear iad agus déantar anailís orthu ar bhonn seachtainiúil. Bíonn an suíomh á chur in oiriúint againn de shíor de réir an aiseolais a thugtar dúinn.
Ní bhíonn aon ainmneacha leis na tuairimí a fhaighimid agus ní choinnímid sonraí ar bith i dtaobh na ndaoine a úsáideann an suíomh nó a chuireann aiseolas chugainn.