Cosán nascleanúna

Faoi EUROPA

Céard a dhéanaimid le do chuid aiseolais?

Tá ceithre shlí a fhaighimid aiseolas ó úsáideoirí shuíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh:

  • Foirm le cabhrú linn feabhsú – faighimid thart ar 3,000 trácht tríd an bhfoirm sin gach seachtain.
  • Suirbhé - iarraimid ar 1 as gach 20 cuairteoir ar an suíomh roinnt gearrcheisteanna a fhreagairt.
  • Foirm theagmhála - foirm aiseolais áit ar féidir le daoine ríomhphost a chur chugainn agus freagra a fháil.
  • Tástáil úsáideoirí – bíonn tástáil úsáideoirí againn go rialta ar ár suíomh gréasáin le haiseolas faoin 'suíomh beo' a fháil, nó faoi dhréachtleathanaigh agus míreanna a bhfuilimid ag obair orthu. Úsáidimid teicnící eile taighde freisin, amhail staidéir allamuigh, fréamhshamhaltú páipéir agus sórtáil cártaí.

Aistrítear (trí aistriúchán uathoibríoch) na tráchtaí agus na moltaí sin uile go teangacha a thuigimid agus ansin déanaimid anailís orthu. Lorgaímid fadhbanna a tharlaíonn arís is arís eile agus bímid de shíor ag déanamh athruithe. B'fhéidir gur nasc nua, cur síos ar nasc a athrú nó slite eile a aimsiú le cabhrú le daoine teacht ar an eolas atá uathu, a bheadh i gceist.

Cé na hathruithe a rinneadh le déanaí?

Leathanaigh nua

  • Rinneamar uasdátú ar na leathanaigh Do Shaolsa san AE. Bíonn thart ar 10-15% dár gcuairteoirí suímh ag lorg eolas praiticiúil faoi bhogadh thar lear, siopadóireacht, taisteal, srl., agus theastaigh uainn an cosán chuig an eolas sin a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir.
  • Shoiléiríomar an t-eolas teagmhála agus chuireamar i mbosca ar gach leathanach é. Theastaigh uainn go mbeadh slí éasca ag úsáideoirí glao ar lárionad glaonna an AE, nó r-phost a chur, dá mbeidís i bponc agus gan teacht acu ar fhreagra ar a bhfiosrúchán. Fairis sin, rinneamar an t-eolas teagmhála do gach institiúid AE níos soiléire, agus chuireamar isteach naisc chuig na meáin shóisialta. Mar shampla, ar leathanach Pharlaimint na hEorpa, tá naisc agat chuig Facebook, Twitter, You Tube agus chuig cuntais meáin shóisialta eile.
  • Rinneamar athstruchtúrú ar na Leathanaigh Glac Páirt , áit a dtugaimid naisc chuig an AE ar na meáin shóisialta (tá an liosta ag méadú!) agus tá athdhearadh ar siúl againn ar leathanach na nduaiseanna agus na gcomórtas.

Cad atá ar na bacáin?

Bímid de shíor ar thóir slite chun an suíomh europa.eu a fheabhsú agus is iomaí athrú atá sa siúl.

Cúpla sampla:

  • Táimid ag uasdátú léarscáil an AE agus an t-eolas faoi thíortha atá ag teacht isteach san AE. Is mór a thaitníonn sé sin le daoine ar an suíomh agus is eol dúinn ó thástálacha úsáideoirí agus ón aiseolas a fhaighimid go bhféadfaí feabhsú mór a dhéanamh sa réimse sin.
  • Táimid ag obair ar roinnt athruithe ionas nach mbeidh an iomarca rudaí le chéile ar an leathanach baile. Bainfimid roinnt gnéithe arb annamh a úsáideann cuairteoirí iad den leathanach baile agus déanfaimid iarracht suntas do na príomhábhair faoi deara teacht na gcuairteoirí chuig an suíomh.
  • Táimid ag obair chun earnáil na bhFoilseachán agus na ndoiciméad a fheabhsú. Is casta an rud doiciméid AE a lorg agus táimid ag féachaint leis an earnáil sin a shimpliú. Reáchtálamar tástáil sórtála cártaí le grúpa úsáideoirí féachaint conas is fearr an earnáil sin a eagrú.
  • Táimid ag leanúint le feabhas a chur ar struchtúr na 35 leathanach a bhaineann le beartais. Rinneamar uasdátú ar na téacsanna in 23 teanga cheana féin agus anois táimid ag féachaint ar shlite eile leis an leagan amach a fheabhsú.
  • Seolfaimid mír nua, I mBun Gnó san AE.
  • Tá ár bhfoireann aistriúcháin ag aistriú an tsuímh go Cróitis faoi láthair mar tá an Chróit le teacht isteach san AE an samhradh seo chugainn.

Más mian leat aiseolas faoin suíomh a thabhairt dúinn, fág trácht i mbosca an tsuirbhé nó déan teagmháil linn tríd an bhfoirm aiseolais.

An fhoireann ag ceann dár gcruinnithe rialta le haiseolas ó úsáideoirí a phlé:

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ