Cad atá i gceist le EUROPA?
Is é EUROPA suíomh gréasáin oifigiúil an Aontais Eorpaigh (AE). Cruthaíodh an suíomh sin i 1995. Tá trí fheidhm leis go ginearálta:
- eolas a aimsiú faoin AE agus faoin obair a dhéanann sé
- aiseolas a thabhairt dúinn ar bheartais, ar ghníomhaíochtaí agus ar sheirbhísí an AE
- bearta áirithe a dhéanamh – tairiscint a dhéanamh ar chonradh, iarratas a dhéanamh ar phost, clárú le haghaidh imeachtaí, doiciméid a ordú agus a cheannach, etc.
An mbíonn an t-eolas is deireanaí ar EUROPA?
Déantar an t-eolas a leasú nuair is gá sin – ag brath ar athruithe a tharlaíonn de dheasca conarthaí, cruinnithe agus imeachtaí eile. Déantar go leor de na leathanaigh a thabhairt suas chun dáta gach lá.
Chun liosta de na leathanaigh nua a chuirtear le EUROPA gach lá a fheiceáil, gliogáil ar Cén scéal?
.
Cé atá i bhfeighil EUROPA?
Ní suíomh amháin atá i gceist le EUROPA - is cónasc é idir tuairim is 150 suíomh éagsúil, agus tá gach suíomh acu á bhainistiú go neamhspleách ag institiúidí, Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí éagsúla an AE chomh maith leis na rannóga éagsúla (Ard-Stiúrthóireachtaí) atá sa Choimisiún.
Tá na leathanaigh bharrleibhéil/rochtana go léir faoi riar an Choimisiúin Eorpaigh, i gcomhpháirt leis na hinstitiúidí Eorpacha eile.
Cé na teangacha a bhfuil EUROPA ar fáil iontu?
Tá sé mar chuspóir againn eolas a sholáthar duit i do theanga féin, nó i dteanga a thuigeann tú, ag brath ar an eolas a theastaíonn uait.
Teangacha oifigiúla an AE
an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSeicis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
Teangacha eile atá oifigiúil i dtíortha áirithe san AE
Mar shampla an Vaileinsis/an Chatalóinis, an Bhascais, an Ghailísis, etc. Beidh rialacha speisialta ann do na teangacha sin sa todhchaí, ag brath ar an toradh a bheidh ar an idirbheartaíocht leis na tíortha lena mbaineann, agus beidh ar na tíortha sin na costais a bhaineann leo a chúiteamh iad féin.
Na teangacha ina bhfoilsítear an t-eolas éagsúil atá ar EUROPA
-
Reachtaíocht agus doiciméid a bhfuil tábhacht leo ó thaobh na polaitíochta de
Foilsítear iad sin sna teangacha oifigiúla go léir. -
Doiciméid oifigiúla
Tá fáil ar na doiciméid sin sna teangacha a raibh stádas oifigiúil acu ar an dáta foilsithe ar a laghad. Foilsítear cáipéisí nach bhfuil ceangal dlí ag baint leo i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis de ghnáth. -
Eolas ginearálta
Arna fhoilsiú sa dá theanga dhéag oifigiúla nua (ó 2004-07: Bulgáiris, Eastóinis, Gaeilge, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Rómáinis, Seicis, Slóvaicis, Slóivéinis, Ungáiris) de réir mar a aistrítear é. -
Eolas atá práinneach nó a bhfuil saolré gearr aige
Ní fhoilsítear sna teangacha go léir é. -
Saineolas (eolas teicniúil, feachtais, iarratais ar thairiscintí) agus nuacht / imeachtaí
Ní fhoilsítear i ngach teanga de riachtanas – braitheann an rogha teanga ar na spriocléitheoirí.
An bhfuil iontas ort nach bhfuil eolas ar fáil i do theanga?
Is minic a bhíonn iontas ar úsáideoirí EUROPA nach bhfuil leathanach EUROPA ar fáil ina dteanga féin.
Go háirithe i gcás na dtíortha sin a d'aontaigh leis an AE le deireanas (in 2004 agus 2007), is é an fáth leis sin nach raibh an t-am againn fós gach rud a aistriú.
Ach ní bhíonn suíomhanna áirithe ar fáil ach i dtrí theanga, in dhá theanga nó i dteanga amháin fiú (Béarla go hiondúil).
Go ginearálta, braitheann na teangacha a bhíonn ar fáil ar EUROPA ar na srianta seo a leanas:
- aistriúchán – níl againn ach (níl fáil againn ach ar) líon teoranta aistritheoirí agus ar bhuiséad teoranta don aistriúchán (airgead na gcáiníocóirí)
-
tábhacht (dhlíthiúil) - ní mór go mbeadh fáil ag an bpobal ar an reachtaíocht go léir agus ar na doiciméid go léir a bhfuil tábhacht ag baint leo don phobal/a bhfuil mórspéis ag an bpobal iontu, agus poiblítear na doiciméid sin sna teangacha oifigiúla ar fad.
Ní aistrítear doiciméid eile, áfach, ach isteach sna teangacha ("oibre") atá ag teastáil (mar shampla, cumarsáid leis na húdaráis náisiúnta, le heagraíochtaí nó le daoine aonair) - cost-éifeachtacht – chun airgead na gcáiníocóirí a shábháil, i gcás suíomhanna do speisialtóirí nach léann ach líon beag daoine, cinntítear go mbeidh tuiscint ag a bhformhór ar an mbunbhrí, fiú más rud é go gcaithfidh daoine áirithe doiciméid oifigiúla a léamh i dteanga iasachta
- práinn – i gcás cineálacha áirithe eolais is gá iad a fhoilsiú go pras ionas go mbeidh siad ábhartha don léitheoir. Ós rud é go nglacann an t-aistriúchán am, is fearr linn eolas a fhoilsiú go pras sna teangacha sin a thuigeann an líon is mó Eorpach, in ionad a bheith ag feitheamh ar na haistriúcháin sna teangacha go léir
- srianta teicniúla – is obair an-chasta é suíomh a bhainistiú i mbreis is 20 teanga, agus tá gá le go leor acmhainní daonna agus airgeadais chuige sin
Agus an méid sin á chur san áireamh againn, beidh an cur chuige seo a leanas á chur chun feidhme againn de réir a chéile:
- beidh leathanaigh shimplí agus sheasmhacha a thugann eolas dírithe ar an bpobal, i ngach teanga oifigiúil, mar chuid den chéad agus den dara leibhéal ar gach suíomh.
Foilseofar aistriúcháin gan mhoill in aon teanga dhéag na mBallstát roimh 2004 agus beagán níos moille i gcás na dteangacha nua - Go ginearálta, déanfar aistriúchán ar leathanaigh ar a bhfuil eolas gearrshaolach nó an-speisialaithe a fhoilsiú (nuair is féidir) sa trí theanga is mó a labhraítear san AE (an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis), ach d'fhéadfaí líon níos lú teangacha - nó teangacha eile - a úsáid, ag brath ar na spriocléitheoirí.
Cén áit ar shuíomh EUROPA a bhfaighidh mé eolas faoi chóipcheart?
Tá an t-eolas ar fad ar EUROPA faoi réir séanadh agus fógra cóipchirt.
Mura dtugtar a mhalairt le fios, is gnách gur féidir eolas ón suíomh a atáirgeadh ar choinníoll go ndéanfar an fhoinse a thabhairt le fios.
Conas is féidir liom nasc a dhéanamh le EUROPA?
Is féidir nasc a dhéanamh le EUROPA ó aon suíomh seachtrach má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
- Ba cheart go mbeadh
lógónna oifigiúla agus/nó trádmharcanna atá faoi úinéireacht agus/nó faoi cheadúnas ag na hinsitiúidí Eorpacha le feiceáil ar na naisc nuair is féidir agus ba cheart dóibh cloí leis na treoracha a thugtar.
Murar féidir leat lógónna nó trádmharcanna a úsáid, is féidir naisc i bhfoirm téacs a úsáid (mar shampla: “Chun breis eolais a fháil féach suíomh gréasáin EUROPA”), faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. - Ní féidir nasc a dhéanamh ach le leathanaigh ar a bhfuil Fógra Dlíthiúil EUROPA le feiceáil
- Má cheanglaíonn úsáideoirí le EUROPA trí nasc seachtrach, ba cheart go mbeadh sé soiléir dóibh gur eolas saor in aisce agus nach bhfuil eisiach atá siad ag amharc air.
- Níor cheart do na naisc a thabhairt le tuiscint go dtacaíonn institiúidí an AE le cuspóirí ná le hábhar an tsuímh ghréasáin eile ná leis an eagraíocht a dhéanann bainistiú air.
- Má dhéantar nasc ó shuíomh gréasáin atá bunaithe ar fhrámaí, níor cheart na leathanaigh a thaispeáint i bhfoirm frámaí ar an suíomh sin ar shlí a chuirfeadh úsáideoirí amú maidir lena mbunús ceart.
- A luaithe is atá nasc déanta agat linn, tabhair fógra do stiúrthóir gréasáin EUROPA trí URL an leathanaigh ar a bhfuil an nasc le feiceáil a chur chuige – ionas gur féidir linn a sheiceáil ar chloígh do shuíomh le pointí 1-5 thuas.
An bhfuil fáil ag gach duine ar EUROPA?
Sa bhliain 2001, gheall an Coimisiún go mbeadh fáil níos éasca ag seandaoine agus ag daoine le míchumas ar shuíomh EUROPA.
Tá na slite ina bhfuil sé á dhéanamh sin leagtha amach i bpáipéar beartais AE - suíomhanna gréasáin inrochtana
[102KB]
Tá tús curtha le hobair chun go mbeidh leathanaigh EUROPA nua agus nuashonraithe ag cloí le leibhéal comhlíonta A, rud a chiallaíonn go sásaíonn siad critéir thosaíocht 1 sna Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht ar Ábhar Gréasáin a d'eisigh an Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin (WAI) agus tá glactha leis na treoirlínte sin go hidirnáisiúnta.
Tá leibhéal comhlíonta A bainte amach cheana ag roinnt suíomhanna ardleibhéil EUROPA (mar shampla leathanaigh baile EUROPA agus an Choimisiúin Eorpaigh) agus tá lógó orthu a thugann an méid sin le fios.


