Cosán nascleanúna

Cúrsaí oiliúna do Mhic Léinn

Tréimhsí oiliúna de réir institiúide

An Banc Ceannais Eorpach

Micléinn ag fáil saineolais ar eacnamaíocht, sa dlí nó san aistriúchán

Cé atá incháilithe: mic léinn a bhfuil ar a laghad bunchéim acu agus céimithe nua i réimsí ar nós eacnamaíocht, airgeadas, staidreamh, riarachán gnó, dlí, acmhainní daonna agus aistriúchán
Tréimhse na hoiliúna: 3-6 mhí
Cén áit: Frankfurt am Main
Deontas: €850 nó €1700 sa mhí, ag brath ar do chúraimí agus do cháilíochtaí + d'áit chónaithe
Conas cur isteach: líon isteach an fhoirm iarratais ar líne le haghaidh folúntais English ar leith atá foilsithe

Mic léinn ar tí a gcuid staidéar ollscoile a chríochnú sna réimsí eacnamaíochta, airgeadais nó gnó

Cé atá incháilithe: mic léinn a bhfuil a staidéir céime san eacnamaíocht, staidreamh, airgeadas, riarachán gnó nó disciplíní lena mbaineann á gcríochnú acu
Tréimhse na hoiliúna: 3-6 mhí
Cén áit: Frankfurt am Main
Deontas: €850 nó €1700 sa mhí, ag brath ar do chúraimí agus do cháilíochtaí + d'áit chónaithe
Conas cur isteach: líon isteach an fhoirm iarratais ar líne le haghaidh folúntais English ar leith atá foilsithe

Cineálacha eile tréimhsí oiliúna eile atá ar fáil sa Bhanc Ceannais Eorpach English

Barr

An Banc Eorpach Infheistíochta

Mic léinn ag aois 17-25

Cé atá incháilithe: mic léinn idir 17-25 bliain d'aois atá cláraithe i bhforas oideachais
Cathain: tráth éigin idir 1 Meitheamh agus 12 Meán Fómhair
Tréimhse: idir seachtain amháin is mí amháin
Cén áit: Lucsamburg
Spriocanna d'iarratais: Braitheann na spriocanna ar an bpost. Féach ar na folúntais reatha English
Deontas: liúntas beag
Conas cur isteach: an fhoirm iarratais ar líne a líonadh

Cineálacha eile tréimhsí oiliúna eile atá ar fáil sa Bhanc Eorpach Infheistíochta DeutschEnglishFrançais

Barr

an Coimisiún Eorpach

Mic léinn Baitsiléara, Máistreachta nó PhD

Cé atá incháilithe: mic léinn atá ag obair ar thráchtas bunchéime, máistreachta nó PhD agus mic léinn ar gá dóibh tabhairt faoi oiliúint phracticiúil mar chuid dá staidéir
Tréimhse na hoiliúna: 3-12 mhí
Cén áit: Ispra (an Iodáil). Karlsruhe (an Ghearmáin), Geel (an Bheilg), Petten (an Ísiltír) nó Seville (an Spáinn)
Conas cur isteach: cuir isteach ar chuireadh oscailte sonrach d'oiliúnaithe ar shuíomh greasáin an JRC English

Cineálacha eile tréimhsí oiliúna i gCoimisiún na hEorpa DeutschEnglishFrançais

Barr

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Céimithe ollscoile nó leibhéal comhionann (tréimhse oiliúna 6 mhí)

Cé atá incháilithe: iarrthóirí a bhfuil céim ollscoile bainte amach acu agus ar a laghad trí bliana staidéir ollscoile déanta acu nó teastas ag deimhniú leibhéil oideachais a fhreagraíonn don ochtú seimeastar de chúrsa ollscoile
Cathain: 16 Feabhra – 15 Iúil nó 16 Meán Fómhair – 15 Feabhra
Cén áit: an Bhruiséil
Spriocanna d'iarratais: 30 Meán Fómhair go 31 Márta
Conas cur isteach: foirm iarratais ar líne DeutschEnglishFrançais

Céimithe ollscoile nó leibhéal comhionann (tréimhse oiliúna 3 mhí)

Cé atá incháilithe: iarrthóirí a bhfuil céim ollscoile bainte amach acu agus ar a laghad trí bliana staidéir ollscoile déanta acu nó teastas ag deimhniú leibhéil oideachais a fhreagraíonn don ochtú seimeastar de chúrsa ollscoile; tugtar tús áite d'iarratasóirí ar gá dóibh tabhairt faoi thréimhse oiliúna mar chuid dá staidéir
Tréimhse na hoiliúna: 1-3 mhí
Cén áit: an Bhruiséil
Conas cur isteach: an fhoirm iarratais ar pháipéir DeutschEnglishFrançais a líonadh agus a sheoladh tríd an bpost chuig Oifig na dTréimhsí Oiliúna mar aon leis na doiciméid riachtanacha uile

Barr

Coiste na Réigiún

Céimithe ollscoile agus mic léinn

Cé atá incháilithe: iarrthóirí a bhfuil céim ollscoile acu agus ar a laghad trí bliana staidéir ollscoile críochnaithe acu, sin nó a bhfuil ar a laghad ceithre bliana staidéir ollscoile (ocht seimeastar) críochnaithe acu;
Cathain: 16 Feabhra – 15 Iúil nó 16 Meán Fómhair – 15 Feabhra
Cén áit: an Bhruiséil
Spriocanna d'iarratais: 30 Meán Fómhair go 31 Márta
Deontas: €1000 sa mhí faoi láthair
Conas cur isteach: foirm iarratais ar líne

Cineálacha eile tréimhsí oiliúna atá ar fáil i gCoiste na Réigiún English

Barr

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Mic léinn ollscoile ón tríú, ceathrú, cúigiú bliain

Cé atá incháilithe: mic léinn den tríú, cheathrú nó chúigiú bliain ollscoile ar gá dóibh oiliúint éigeantach a dhéanamh mar chuid dá stáidéir
Dátaí tosaithe agus spriocdhátaí d'iarratais (idir lúibíní): 1 Feabhra – 30 Meitheamh (1 Deireadh Fómhair) nó 1 Meán Fómhair – 31 Nollaig (1 Aibreán)
Tréimhse na hoiliúna: 1-5 mhí
Conas cur isteach: déan teagmháil le hOifig na dTréimhsí Oiliúna EnglishFrançais chun an t-iarratas a sheoladh chugat le r-phost

Cineálacha eile tréimhsí oiliúna atá ar fáil i gComhairle an Aontais Eorpaigh EnglishFrançais

Barr

Cúirt na n-Iniúchóirí

Mic léinn ag fáil saineolais i réimse an dlí

Cé atá incháilithe: mic léinn a bhfuil ar a laghad ceithre sheimeastar staidéir ollscoile críochnaithe acu i réimse spéise don Chúirt
Tréimhse na hoiliúna: uasmhéid 5 mhí
Cén áit: Lucsamburg
Deontas: le híocaíocht (1,120€ sa mhí) nó gan íocaíocht
Conas cur isteach: foirm iarratais leictreonach a líonadh agus a sheoladh go dtí an Chúirt trí r-phost

Barr

Parlaimint na hEorpa

Mic léinn a bhfuil teastas meánscoile acu

Cé atá incháilithe: daoine óga a bhfuil teastas meánscoile acu ar leor é chun tosú ar freastal ar an ollscoile; bíodh nach gá duit bheith cláraithe i gclár ollscoile nó i gclár ar leibhéal coibhéiseach, tugtar tosaíocht do mhic léinn a mbíonn orthu tréimhse oiliúna a dhéanamh mar chuid dá staidéir
Dátaí tosaithe agus spriocdhátaí d'iarratais (idir lúibíní): 1 Eanáir (1 Deireadh Fómhair), 1 Bealtaine (1 Feabhra) nó 1 Meán Fómhair (1 Meitheamh)
Tréimhse na hoiliúna: 1-4 mhí
Conas cur isteach: foirm iarratais ar líne българскиcetinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolFrançaisitalianollatvieu valodalietuviu kalbamagyarMaltNederlandspolskiportugusromânăslovencinaslovenšcinasuomisvenska

Daoine óga faoi mhíchumas

Cé atá incháilithe: daoine óga atá faoi mhíchumas – ní gá céim ollscoile
Dátaí tosaithe agus spriocdhátaí d'iarratais (idir lúibíní): 1 Márta (15 Deireadh Fómhair), 1 Deireadh Fómhair (15 Bealtaine)
Tréimhse na hoiliúna: 5 mhí
Cén áit: sa Bhruiséil agus i Lucsamburg go hiondúil
Deontas: €1,130.56 sa mhí (2008) má bhítear lonnaithe sa Bhruiséil nó i Lucsamburg
Conas cur isteach: foirm iarratais ar líne българскиcetinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolFrançaisitalianollatvieu valodalietuviu kalbamagyarMaltNederlandspolskiportugusromânăslovencinaslovenšcinasuomisvenska

Cuairteanna staidéir

Cé atá incháilithe: saoránaigh ar mhaith leo staidéar a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le himeascadh na hEorpa
Tréimhse na cuairte staidéir uasmhéid 1 mhí
Deontas: gan íocaíocht
Conas cur isteach: déan teagmháil le hOifig na dTréimhsí Oiliúna българскиcetinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolFrançaisitalianollatvieu valodalietuviu kalbamagyarMaltNederlandspolskiportugusromânăslovencinaslovenšcinasuomisvenska

Cineálacha eile tréimhsí oiliúna i bParlaimint na hEorpa

Barr

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ