Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)an chéad cheann scríbe do chách a bhfuil fúthu oibriú don AE. Ar a suíomh gréasáin, mínítear an próiseas roghnúcháin agus tugtar comhairle faoi ullmhú do na comórtais.
Foireann bhuan a earcú
Eagraíonn EPSO 'comórtais oscailte' chun foireann bhuan a roghnú . Déanann comórtais scileanna iarrthóirí a mheas trí shraith tástálacha agus measúnaithe, lena chinntiú gurb iad na daoine is fearr a roghnaítear. Gach bliain bíonn comórtais do riarthóirí, teangeolaithe, teangairí, aistritheoirí, rúnaithe agus catagóirí eile foirne.
Earcaíonn EPSO foirne do gach intstitúid de chuid an AE:
-
an Coimisiúin Eorpach – bunaithe sa Bhruiséil (an Bheilg) agus i Lucsamburg. Is é an Coimisiún Eorpach an fostaitheoir is mó as measc institiúidí an AE, agus foireann aige san Eoraip agus in oifigí ar fud an domhain.. Tá fáil ar roinnt post speisialaithe, mar shampla do dhaoine a bhfuil cúlra acu in eolaíocht, teangacha nó staidreamh/eacnamaíocht


. -
Parlaimint na hEorpa





















– bunaithe sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus i Strasbourg na Fraince - Comhairle an AE – bunaithe sa Bhruiséil
- Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa – bunaithe i Lucsamburg
- Cúirt na nIniúchóirí – bunaithe i Lucsamburg
-
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

– bunaithe sa Bhruiséil - Coiste na Réigiún – bunaithe sa Bhruiséil
- An tOmbudsman Eorpach – bunaithe i Strasbourg
-
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí


– bunaithe sa Bhruiséil.
Is cuma cén institiúid is suim leat, is ionann an nós imeachta roghnucháin agus cineál conartha
Ar na feidhmeannaigh bhuana tá riarthóirí agus cúntóirí.
Riarthóirí (AD)
Bíonn dréachtú beartas agus forfheidhmiú dhlí an AE, anailísiú agus comhairliú mar chuid de ghnáthfheidhmeanna na riarthóirí. I gcoitinne, ní mór duit trí bliana ollscoile (ar a laghad) a chríochnú chun cur isteach ar chomórtas do riarthóirí.
Cúntóirí (AST)
Bíonn cúntóirí ag obair de ghnáth i róil thacaíochta is bíonn géarghá leo do bhainistiú inmheánach na n-institiúidí. I gcoitinne, ní mór duit an mheánscoil (ar a laghad) a chríochnú chun cur isteach ar chomórtas do chúntóirí.
Nósanna imeachta eile um roghnú is um earcú
Foireann chonarthach
Fostaítear foireann chonarthach do shainchúraimí lámhoibre nó riaracháin. Do thréimhse theoranta a bhíonn na conarthaí de ghnáth – ag tosú go hiondúil le 6-12 mhí.
Foireann shealadach
Earcaítear foreann shealadach do chúraimí speisialaithe nó sealadacha trí chonarthaí thart ar shé bliana. Tá teacht ar fholúntais ar suíomh gréasáin EPSO ![]()
![]()
agus ar shuímh ghréasáin na n-institiúidí is na ngníomhaireachtaí ar leith.
Foireann eatramhach
Glacann roinnt institiúidí le foireann eatramhach do thréimhsí nach mó ná sé mhí – d'obair rúnaíochta de ghnáth. Sa chás sin gníomhaireachtaí sealadacha ![]()
![]()
a earcaíonn iad.
Cúrsaí oiliúna
Fairis sin, glacann seacht n-institiúid le hoiliúnaithe go ceann trí mhí go cúig mhí. Stagiairesa thugtar orthu, is féidr leo bheith ina mic léinn, ina gcéimithe ollscoile nó ina dteangeolaithe, agus bíonn cúraimí orthu mar a bheadh ag riarthóirí íseal-ghráid. Na hinstitiúidí a eagraíonn an roghnú (ní EPSO).
Seirbhísí conarthacha
Do shainchúraimí (cothabháil, ceaintíní, srl.), earcaítear foireann trí chonraitheoirí seachtracha a roghnaítear trí nósanna imeachta tairiscinte oscailte. Féach suímh ghréasáin na seirbhísí conarthacga ![]()
![]()
do bhreis eolais.
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNI)
De ghnáth, is daoine atá fostaithe sa tseirbhís phoiblí ina dtír féin iad, a thugtar ar iasacht d'institiúid go ceann tréimhse cinnte chun a gcuid saineolais a roinnt is chun foghlaim faoi bheartais is faoi nósanna imeachta an AE. Roghnaítear SNIanna de réir nós imeachta sonraithe, nósanna ná baineann le EPSO.buanionadaíocht do thíre chuig an AE a chuirfidh ar an eolas faoi dheiseanna faoi láthair thú.
Saineolaithe an AE
Coinníonn an AE bunachair sonraí ina bhfuil ainmneacha agus cáilíochtaí saineolaithe neamhspleácha a chabhraíonn leis na hinstitiúidí i sainréimsí. Cruthaíonn saineolaithe a bpróifílí féin, le cosaint pasfhocail, ina mbíonn eolas faoi thaithí oibre, faoi oideachas is faoi scileanna, agus cothaíonn iad. Institiúidí agus gníomhaireachtaí ar leith a chothaíonn na bunachair sonraí sin (ní EPSO). Bíonn Seirbhís Faisnéise um Thaighde agus Forbairt an Chomhphobail (CORDIS) ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
, mar shampla, ina óstach ar bhunachair sonraí do shaineolaithe
a oibríonn faoin 7ú Creatchlár AE um Thaighde.


