Cosán nascleanúna

Candidate countries

Poblacht Iar-Iúgslavach na MacadóinePoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine

Córas polaitiúil: Poblacht

Príomhchathair: Scóipé

Achar iomlán: 25,433 km²

Daonra: 2.05 milliún

Airgeadra: denar

 

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine

Detailed map - click on the map

Fuair Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine neamhspleáchas i 1991 nuair an thit an Iúgslaiv as a chéile. Tir thalamhiata i lár na mBalcán is ea í, le sléibhte, gleannta agus imchuacha doimhne. Tá Loch Ohrid, a bhfuil cuid de san Albáin, ar cheann de na lochanna is sine ar domhan.

Macadónaigh eitneacha is ea dhá thrian den daonra, ach tá mionlach suntasach Albánach agus mionlaigh níos lú Turcach is Romach.

Sa pharlaimint aonseomra, nó an Sobranie , tá 120 ball a thoghtar do théarma ceithre bliana. Tá cumhachtaí teoranta ag an Uachtarán, a thoghtar do théarma cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann.

Tá acmhainní mianraí ag an tír, ar a n-áirítear iarnmhian, umha, luaidhe agus sinc. Teicstílí an earnáil trádála is suntasaí, is ionann iad agus breis is leath na n-onnmhairithe uile. I measc na n-onnmhairithe tábhachtacha eile tá iarann, cruach, fíon agus glasraí.

Sa chócaireacht áitiúil faightear sainbhianna amhail muiceoil ainíse, colúr pulctha agus an leagan áitiúil de shailéad shopska (arna bhunú ar thrátaí, lus na bó agus cáis caora) a fhaightear ar fud na mBalcán.

Useful links

1. Tairseach an rialtais náisiúnta

Tá suíomh gréasáin oifigiúil Rialtas na Macadóine ina thairseach do shuímh ghréasáin na n-institiúidí poiblí uile. Tugann an mhír "Caidreamh poiblí" nuacht, óráidí agus tuairiscí ar sheisiúin an rialtais.

2. An tír a chur in aithne

Is é ExploringMacedonia.com an tairseach náisiúnta turasóireachta. Tugann sé mion-chur síos ar oidhreacht dúlra na tíre, chomh maithe lena healaín is a cultúr. Tá raon leathan eolais taistil ann freisin, lena n-áirítear leidí lóistín, turasanna neamhghnácha agus imeachtaí cultúrtha.

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ