Cosán nascleanúna

Candidate countries

an Chróitan Chróit

Córas polaitiúil: Poblacht

Príomhchathair: Ságrab

Achar iomlán: 56,542 km²

Daonra: 4.4 milliún

Airgeadra: kuna

 

an Chróit

Detailed map - click on the map

Deineadh stát neamhspleách den Chróit i 1991 nuair a thig an Iúgslaiv as a chéile.

Talamh réchnocach is ea réigiún Zagorje, ó thuaidh ó Shágrab, agus tá réigiún talmhaíochta torthúil an Mhachaire Phanónaigh buailte leis na haibhneacha Drava, Danóibe agus Sava san oirthear. Tá breis is trian den Chróit faoi choillte.

Comhlacht reachtaíochta aonseomra is ea Parlaimint na Cróite an Sabor), ina bhfuil idir 100 agus 160 ball a thoghtar go díreach ón bpobal do théarmaí ceithre bliana. Tá geilleagar na Cróite bunaithe go príomha ar thionscal éadrom is ar sheirbhísí. Foinse thábhachtach teacht isteach is ea an turasóireacht. Do thurasóirí is aithnidiúla cósta Dalmátach na Cróite, leis na céadta oileán chomh maith le cathracha stairiúla Dubrovnik, Split agus Zadar.

Léiríonn sé shuíomh Oidhreachta Domhanda agus ocht bpáirc náisiúnta ollshaibhreas cultúrtha is dúlra na Cróite. Stair na Cróite, a bhíodh callóideach uaireanta, faoi deara saibhreas chultúr na Cróite, ar dtús mar chuid d'Impireacht na Róimhe agus ansin mar réigiún ar theorainn na nImpireachtaí Ostra-Ungáracha agus Otamánacha.

Sna bianna Cróiteacha tá miasa amhail feoil ghríosctha, mucmhás deataithe Dalmátach, pilséir faoi shalann, cáis caora agus salámaí le blas paiprice. Táirgeann an Chróit a lán fíonta breá.

Useful links

1. Tairseach an rialtais náisiúnta

Tugann suíomh gréasáin oifigiúil Rialtas na Cróite mion-chur síos ar institiúidí polaitiúla na Cróite maille le próifílí bhaill uile an Rialtais. Tá rochtain ar raon cáipéisí poiblí ón suíomh, amhail téacs bhunreacht na Cróite agus clár polaitiúil an Rialtais. Sa suíomh freisin tá bunachar sonraí preaseisiúintí, cuntais ar chruinnithe na comh-aireachta agus feasachán seachtainiúil nuachta. Foilsítear nuachlitir mhíosúil ar an suíomh freisin.

2. An tír a chur in aithne

Tugann suíomh Bhord Náisiúnta Turasóireachta na Cróite cur síos gearr ar oidhreacht chultúrtha, stair, tíreolaíocht agus cócaireacht na tíre. Fairis sin bíonn ann réamhaisnéis na haimsire, nithe atá le teacht agus tiontaire airgeadra. Trí uirlisí ilmheán tig le húsáideoirí cártaí poist leictreonacha a sheoladh is bróisiúir is póstaeir a cheadú. Tá léarscáil idirghníomhach de na réigiúin a chabhraíonn le cuairteoirí díriú ar réimsí sainspéise.

an Chróit

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ