Cuspóir
Freagraíonn an tOmbudsman gearáin ó shaoránaigh an AE, ó ghnóthais agus ó eagraíochtaí, agus cabhraíonn sé chun cásanna ‘drochriaracháin’ a thabhairt chun solais – cásanna mar ar sháraigh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an AE an dlí, mar ar mhainnigh siad meas a léiriú ar phrionsabail an riaracháin fhóintigh nó mar ar sháraigh siad cearta an duine. Áirítear leo sin:
- éagóir
- leithcheal
- mí-úsáid cumhachta
- easpa eolais nó diúltú d’eolas a sholáthar
- moill mhíchuí
- nósanna imeachta míchearta.
Seolann oifig an Ombudsman imscrúdú tar éis gearán a fháil nó ar a conlán féin. Oifig neamhspleách go huile is go hiomlán is ea í agus ní ghlacann sí le horduithe ó rialtas ná ó eagraíocht ar bith. Uair sa bhliain, cuireann sí tuarascáil ghníomhaíochta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
Toghchán
Toghann an Pharlaimint an tOmbudsman ar feadh tréimhse cúig bliana is in-athnuaite. Atoghadh P. Nikiforos Diamandouros, iar-ombudsman náisiúnta na Gréige, in Eanáir 2010 ar feadh téarma cúig bliana.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Má tá tú míshásta le hinstitiúid, le comhlacht, le hoifig nó le gníomhaireacht de chuid an AE, ba chóir duit deis a thabhairt dó/di sa chéad áit an cás a chur ina cheart. Má theipeann ar an gcur chuige sin, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.
Ní mór duit an gearán a dhéanamh leis an Ombudsman laistigh de dhá bhliain ón dáta ar a tháinig an fhadhb chun solais. Ní mór duit a rá go soiléir cé thú féin, cén institiúid nó comhlacht atá mar ábhar le do ghearán agus cén fhadhb atá agat leis/léi. Féadfaidh tú a iarraidh go gcoimeádfar an gearán faoi rún.
Rudaí nach ndéanann an tOmbudsman
Ní féidir leis an Ombudsman na nithe seo a leanas a imscrúdú:
- gearáin i gcoinne údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil laistigh de thíortha an AE (ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus comhairlí áitiúla), fiú nuair a bhaineann an gearán le hábhair de chuid an AE.
- gníomhaíochtaí na gcúirteanna náisiúnta nó gníomhaíochtaí ombudsmanna. Ní comhlacht achomhairc é an tOmbudsman Eorpach maidir le cinntí a thóg na heagraíochtaí sin.
- gearáin i gcoinne gnóthas nó daoine aonair.
Cad a tharlaíonn tar éis gearán a dhéanamh?
D'fhéadfadh sé a bheith ar chumas an Ombudsman an fhadhb a réiteach gan dua trí scéala a chur chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann, ach má bhíonn níos mó i dtrácht, déanfaidh an tOmbudsman iarracht teacht ar chomhréiteach a chuirfidh an staid ina cheart agus a shásóidh an gearánaí.
Má theipeann air sin, féadfaidh an tOmbudsman moltaí a dhéanamh leis an institiúid lena mbaineann. Mura nglacann an institiúid leis na moltaí sin, féadfaidh an tOmbudsman tuarascáil speisialta a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa ionas gur féidir léi pé beart polaitiúil is gá a ghlacadh.
Murar féidir leis an Ombudsman déileáil le do ghearán – mar shampla, má bhí sé mar ábhar le cás cúirte cheana féin – déanfaidh sé a dhícheall comhairle a chur ort maidir le cén chomhlacht eile a d'fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.






















