Trí phríomhról atá ag an bParlaimint. Seo iad na róil sin:
- pléann agus ritheann sí dlíthe Eorpacha, i gcomhar leis an gComhairle
- iniúchann sí institiúidí eile an AE, go háirithe an Coimisiún, chun a áirithiú go bhfuil siad ag feidhmiú go daonlathach
- pléann sí buiséad an AE agus glacann sí leis, i gcomhar leis an gComhairle.
Rith dhlíthe na hEorpa
I mórchuid réimsí, ar nós cosanta do thomhaltóirí agus an chomhshaoil, oibríonn an Pharlaimint i gcomhar leis an gComhairle (ag ionadú do rialtais náisiúnta) chun ábhar dhlíthe an AE a chinneadh agus iad a ghlacadh go hoifigiúil. ‘Comhchinnteoireacht’ a thugtar ar an bpróiseas sin.
Faoi Chonradh Liospóin, méadaíodh líon na mbeartas a chumhdaíonn an gnáthnós imeachta reachtach, rud a thugann breis cumhachtaí don Pharlaimint chun tionchar a imirt ar a bhfuil sna dlíthe i réimsí lena n-áirítear talmhaíocht, beartas fuinnimh, inimirce agus cistí an AE.
Ní mór don Pharlaimint a cead a thabhairt chomh maith i gcás cinntí tábhachtacha eile, ar nós ceadú do thíortha nua teacht leis an AE.
Maoirseacht dhaonlathach
Tá tionchar ag an bParlaimint ar institiúidí eile Eorpacha ar bhealaí éagsúla.
Nuair a cheaptar Coimisiún nua, ní féidir leis an 27 gcomhalta – duine amháin díobh ó gach thír de chuid an AE – dul i mbun oifige go dtí go mbeidh siad formheasta ag an bParlaimint. Má easaontaíonn Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le hainmní, féadfaidh siad diúltú don bhuíon ar fad.
Lena chois sin, féadfaidh an Pharlaimint iarraidh ar an gCoimisiún ar fad éirí as le linn a thréimhse in oifig. ‘Tairiscint um cháineadh’ a thugtar air sin.
Coimeádann an Pharlaimint súil ar an gCoimisiún trí thuarascálacha a sholáthraíonn sé a scrúdú agus trí Choimisinéirí a cheistiú. Is den tábhacht an obair a dhéanann a coistí sa mhéid seo.
Féachann FPEnna ar achainíocha ó shaoránaigh agus bunaíonn siad coistí fiosrúcháin.
Nuair a thagann ceannairí náisiúnta le chéile le haghaidh chruinnithe mullaigh na Comhairle Eorpaí, tugann an Pharlaimint a tuairim ar na topaicí atá ar an gclár oibre.
Maoirseacht an bhuiséid
Glacann an Pharlaimint le buiséad bliantúil an AE i gcomhar leis an gComhairle.
Tá coiste ag an bParlaimint a dhéanann monatóireacht ar an tslí a chaitear an buiséad, agus gach bliain tugann sé a bhreithiúnas ar an tslí a chaith an Coimisiún buiséad na bliana roimhe sin.
Comhdhéanamh
Tá líon na FPEnna atá ag gach tír i gcomhréir a bheag nó a mhór le daonra na tíre sin. Ní féidir le tír ar bith líon FPEnna faoi bhun 6 nó os cionn 96 a bheith aici.
Suíomh
Trí ionad oibre atá ag Parlaimint na hEorpa – an Bhruiséil (an Bheilg), Lucsamburg agus Strasbourg (an Fhrainc).
Is i Lucsamburg atá na hoifigí riaracháin (an ‘Ardrúnaíocht’).
Tionóltar cruinnithe na Parlaiminte iomláine ('seisiúin iomlánacha') i Strasbourg agus sa Bhruiséil. Tionóltar cruinnithe coiste sa Bhruiséil chomh maith.























