Cosán nascleanúna

Ciste Infheistíochta na hEorpa

Bunaíodh Ciste Infheistíochta na hEorpa (CIE) i 1994 chun tacú le gnóthais bheaga. Is é Banc Infheistíochta na hEorpa a phríomh-scairshealbhóir - le chéile tugtar an 'EIB Group' orthu.

Cad a dhéanann an Ciste?

Soláthraíonn an CIE caipiteal fiontair do ghnóthais bheaga (SMEs), go háirithe do ghólachtaí nua agus do ghnóthais nasctha le teicneolaíocht. Tugann sé ráthaíochtaí d'fhorais airgeadais (ar nós banc) chun a n-iasachtaí do SMEs a chuimsiú.

Ní foras iasachtaithe é CIE: ní thugann sé iasachtaí ná fóirdheontais do ghnóthais, agus ní infheistíonn sé go díreach in aon ghnólachtaí. Ina ionad sin, oibríonn sé trí bhainc agus idirghabhálaithe airgeadais eile. Baineann sé úsáid as a chistí féin nó cistí atá faoi chúram an BIE nó an Aontais Eorpaigh.

Tá an Ciste gníomhach i mBallstáit an Aontais Eorpaigh, agus sa Chróit, sa Tuirc agus trí thír de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua).


 Féach freisin

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ