Cosán nascleanúna

An Banc Eorpach Infheistíochta

Is iad 27 dtír an AE úinéirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Faigheann sé airgead ar iasacht ar na margaí caipitil agus tugann sé ar iasacht é ag ráta íseal úis do thionscadail a fheabhsaíonn bonneagar, soláthar fuinnimh nó caighdeáin chomhshaoil laistigh den AE agus sna tíortha comharsanachta nó i dtíortha i mbéal forbartha araon.

Ról

Tacaíonn an Banc Eorpach Infheistíochta le tionscadail i dtíortha an AE, agus infheistíonn sé i dtíortha a bheidh mar bhaill agus mar chomhpháirtithe sa todhchaí.

Faigheann sé airgead ar iasacht ar na margaí caipitil seachas tarraingt ar bhuiséad an AE. Tugtar an t-airgead ar iasacht ar théarmaí fabhracha do thionscadail ar aon dul le cuspóirí beartas an AE.

Sa bhliain 2008, bhailigh an BEI €60 bn nó geall leis. Oibríonn an BEI ar bhonn neamhbhrabúis agus tugann sé airgead ar iasacht ag ráta atá cóngarach don chostas iasachtaíochta.

Seirbhísí

  • Iasachtaí DeutschEnglishfrançais : deonaítear iad do chláir inmharthana caiteachais chaipitil nó do thionscadail sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon. Bíonn faighteoirí sa raon ó chorparáidí móra go dtí bardasachtaí agus gnóthais bheaga.
  • Cúnamh teicniúil DeutschEnglishfrançais : foireann saineacnamaithe, innealtóirí agus speisialtóirí a sholáthraíonn é chun áiseanna maoinithe an BEI a chomhlánú.
  • Ráthaíochtaí DeutschEnglishfrançais : ar fáil do raon mór comhlachtaí, m.sh. bainc, cuideachtaí léasaithe, institiúidí ráthaíochta, cistí ráthaíochta frithpháirtí, feithiclí sainchuspóireacha agus comhlachtaí eile.
  • Caipiteal riosca DeutschEnglishfrançais : ba cheart iarratais ar chaipiteal riosca a chur díreach chuig idirghabhálaí.

Tabhairt iasachtaí laistigh den AE

Téann 90% d'iasachtaí nó geall leis go cláir agus do thionscadail laistigh den AE.

Tá 6 chuspóir tosaíochta ag an BEI maidir le tabhairt iasachtaí, agus iad leagtha amach i bplean gnó an Bhainc:

  • Comhtháthú agus cóineasú DeutschEnglishfrançais
  • Tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) DeutschEnglishfrançais
  • Inbhuanaitheacht an chomhshaoil DeutschEnglishfrançais
  • Cur chun feidhme an Tionscnaimh Nuála 2010 (i2i) DeutschEnglishfrançais
  • Forbairt gréasán tras-Eorpach um iompar agus fuinneamh (GTEanna) DeutschEnglishfrançais
  • Fuinneamh inbhuanaithe, iomaíoch agus slán DeutschEnglishfrançais

Lasmuigh den AE

Tacaíonn an Banc Eorpach Infheistíochta le beartais forbartha agus comhar an AE i dtíortha comhpháirtíochta.

Áirítear ar na sainorduithe reatha beartais:

  • Deisceart agus oirthear na hEorpa DeutschEnglishfrançais
  • An beartas comharsanachta:
    • Comharsanacht na Meánmhara DeutschEnglishfrançais
    • An Rúis agus an chomharsanacht thoir DeutschEnglishfrançais
  • Tíortha forbartha agus comhair:
    • Stáit na Afraice, na Cairibe agus na Ciúin-Mhara DeutschEnglishfrançais (agus Tíortha agus Críocha Thar Lear)
    • An Afraic Theas
    • An Áis agus Meiriceá Laidineach DeutschEnglishfrançais

Struchtúr agus eagraíocht

  • Scairshealbhóirí DeutschEnglishfrançais – 27 dtír an AE
  • Rialachas DeutschEnglishfrançais – dinimic agus freagrachtaí oibre an Bhoird Ghobharnóirí, an Bhoird Stiúrthóirí, an Choiste Iniúchóireachta agus an Choiste Bainistíochta
  • Rialú agus meastóireacht DeutschEnglishfrançais – ag áirithiú sláine agus fóntacht oibríochtaí an Bhainc
  • Eagraíocht DeutschEnglishfrançais – ranna agus comhaltaí foirne

 Féach freisin

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ