Cad a dhéanann an MECS?
Nuair atá forais nó comhlachtaí AE i mbun próiseála sonraí pearsanta faoi dhuine inaitheanta, caithfidh siad meas a léiriú ar cheart an duine sin chun príobháideachta . Áirithíonn an MECS go ndéanann siad amhlaidh, agus cuireann sé comhairle orthu i dtaobh próiseáil sonraí pearsanta.
Baineann 'próiseáil' le gníomhachtaí ar nós eolas a bhailiú, a thaifead agus a stóráil, é a fháil ar ais chun dul i gcomhairle, é a sheoladh nó a chur ar fáil do dhaoine eile, agus fairis sin le sonraí a bhlocáil, a stoitheadh nó a scriosadh.
Tá rialacha príobháideacha dochta i bhfeidhm ar na gníomhaíochtaí seo. Mar shampla, ní ceadmhach d'fhoras nó do chomhlacht AE sonraí pearsanta a phróiseáil má nochtann siad eolas faoi do do bhunadh cine nó éitneach, do thuairimí polaitiúla, do chreidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha nó do bhallraíocht i gceardchumann. Ní cead dóibh eolas faoi do shláinte nó do chlaonadh gnéis a phróiseáil ach oiread, ach amháin nuair is gá na sonraí do chúram sláinte. Fiú sa chás sin, caithfidh duine gairmiúil sa tseirbhís sláinte na sonraí a phróiseáil, nó duine eile atá leabhraithe do rúndaíocht gairme.
Oibríonn an MECS leis na hOifigigh um Chosaint Sonraí as gach foras nó comhlacht AE d'fhonn a chinntiú go gcuirfear rialacha faoi phríobháideacht sonraí i bhfeidhm.
I 2009, athcheapadh an tUasal Peter Hustinx mar Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí agus ceapadh an tUasal Giovanni Buttarelli mar Leas-Mhaoirseoir. Mairfidh a dtréimhse go hEanáir 2014.
Conas is féidir leis an MECS cabhrú leat?
Má cheapann tú gur sháraigh foras nó comhlacht AE do cheart chun príobháideachta, ba chóir duit dul i dteagmháil ar dtús leis na daoine atá freagrach as an bpróiseáil. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh, ba chóir dul i dteagmháil leis an oifigeach cuí um chosaint sonraí (tá fáil ar na hainmneacha ar shuíomh gréasáin MECS). Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, a dhéanfaidh do ghearán a fhiosrú agus a inseoidh duit chomh luath agus is féidir an aontaíonn sé leat, agus, má aontaíonn, conas atá cursaí á gcur i gceart. Mar shampla, féadfaidh sé a ordú don fhoras nó don chomhlacht aon chuid de do shonraí pearsanta a cheartú, a bhlocáil, a stoitheadh nó a scriosadh má próiseáileadh go neamhdhleathach iad.
Mura n-aontaíonn tú lena chinneadh, tig leat an t-ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.




