Cuspóir
Tá an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ar cheann d'institiúidí an AE Is é a phríomhchuspóir:
- praghsanna a choimeád cobhsaí(boilsciú a choimeád faoi smacht), go háirithe sna tíortha sin a úsáideann an euro
- an córas airgeadais a choimeád cobhsaí – trína chinntiú go ndéantar maoirseacht cheart ar mhargaí agus ar institiúidí airgeadais.
Oibríonn an Banc leis na bainc cheannais i ngach ceann de na 27 dtír. An Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a thugtar orthu i dteannta a chéile.
Cúraimí
Ar chúraimí an BCE tá:
- príomhrátaí úis a shocrú
don eorachóras agus an soláthar airgid a rialú
- cúlchistí d’airgeadra eachtrach limistéar an euro a bhainistiú agus airgeadraí a cheannach nó a dhíol de réir mar is gá chun rátaí malartaithe a choimeád i gcothromaíocht
- féachaint chuige go ndéanann údaráis náisiúnta maoirseacht leordhóthanach ar mhargaí agus ar institiúidí airgeadais, agus go bhfeidhmíonn córais íocaíochtaí go réidh
- údarú do bhainc cheannais i dtíortha limistéar an euro nótaí bainc euro a eisiúint
- monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí praghsanna agus measúnú a dhéanamh ar an riosca atá iontu do chobhsaíocht phraghsanna.
Struchtúr
Seo a leanas comhlachtaí cinnteoireachta an BCE:
- Bord Feidhmiúcháin – a mhaoirsíonn an bhainistíocht laethúil. Sé bhall atá ann (uachtarán, leas-uachtarán agus ceathrar ball eile) a cheapann ceannairí thíortha limistéar an euro go ceann ocht mbliana.
- An Chomhairle Rialaithe– sainíonn sí beartas airgeadaíochta limistéar an euro agus socraíonn sí na rátaí úis ag ar féidir le bainc tráchtála airgead a fháil ón mBanc. Bord Feidhmiúcháin móide gobharnóirí na seacht mbanc ceannais déag i limistéar an euro atá sa Chomhairle Rialaithe.
- An Chomhairle Ghinearálta – rannchuidíonn sí le hobair chomhairleach agus chomhordaithe an BCE agus sna hullmhúcháin do thíortha nua ag dul isteach sa euro. Uachtarán agus leas-uachtarán an BCE mar aon le gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta i ngach ceann de na 27 tír AE atá sa Chomhairle Ghinearálta..
Tá an BCE neamhspleách go huile is go hiomlán. Ní ceadmhach don BCE, do bhainc cheannais náisiúnta san Eorachóras, ná d’aon bhall dá gcomhlachtaí cinnteoireachta treoir a iarraidh nó a ghlacadh ó aon chomhlacht eile. Ní mór d’institiúidí agus rialtais uile an AE meas a léiriú ar an bprionsabal seo chomh maith.






















