Comhdhéanamh
Tá breitheamh amháin in aghaidh gach tír den AE ag an gCúirt Bhreithiúnais.
Faigheann an Chúirt cabhair ó ochtar ‘abhcóide ginearálta’ arb é a ndualgas ná tuairimí a chur i láthair ar na cásanna a thugtar os comhair na Cúirte. Ní mór dóibh é sin a dhéanamh go poiblí agus go neamhchlaon.
Ceaptar gach breitheamh agus gach abhcóide ginearálta go ceann tréimhse sé bliana, atá in-athnuaite. Is iad rialtais an AE a shocraíonn cé ar mhaith leo a cheapadh.
Cineál na gcásanna
Tugann an Chúirt rialú ar na cásanna a thugtar os a comhair. Is iad na cúig chineál cásanna is coitianta ná:
- iarratais ar réamhrialú – nuair a iarrann cúirteanna náisiúnta ar an gCúirt Bhreithiúnais pointe de dhlí an AE a léirmhíniú
- mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh – a thionscnaítear i gcoinne rialtais an AE toisc nár cuireadh dlí an AE chun feidhme
- mar gheall ar neamhniú – i gcoinne dhlíthe an AE a mheastar a sháraíonn siad conarthaí de chuid an AE nó cearta bunúsacha
- mar gheall ar neamhghníomh – i gcoinne institiúidí an AE as mainneachtain i gcinntí riachtanacha a dhéanamh
- díreacha – arna dtionscnamh ag daoine aonair, ag cuideachtaí nó ag eagraíochtaí i gcoinne chinntí nó gníomhartha an AE
1. Nós imeachta um réamhrialú
Tá freagracht ar na cúirteanna náisiúnta i ngach tír de chuid an AE a áirithiú go gcuirtear dlí an AE chun feidhme go cuí ina dtír féin. Ach tá baol ann go léirmhíneoidh cúirteanna i dtíortha difriúla dlí an AE ar shlite difriúla.
Chun é sin a chosc, tá 'nós imeachta réamhrialaithe' ann. Má bhíonn cúirt náisiúnta in amhras mar gheall ar léirmhíniú nó bailíocht dlí de chuid an AE, féadfaidh sí – agus ní mór di, uaireanta – comhairle a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais. ‘Réamhrialú’ a thugtar ar an gcomhairle seo.
2. Imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh
Féadfaidh an Coimisiún na himeachtaí sin a thionscnamh má chreideann sé go bhfuil balltír ag mainneachtain i gcomhlíonadh a hoibleagáidí faoi dhlí an AE. Féadfaidh tír eile de chuid an AE na himeachtaí seo a thionscnamh chomh maith.
Sa dá chás, imscrúdaíonn an Chúirt na líomhaintí agus tugann sí a breithiúnas. Má fhaightear gur ar an tír atá an locht, ní mór di rudaí a chur ina gceart láithreach. Má fhaigheann an Chúirt nár chloígh an tír lena rialú, féadfaidh sí fíneáil a eisiúint.
3. mar gheall ar neamhniú
Má chreideann aon tír de chuid an AE, an Chomhairle nó an Coimisiún (faoi choinníollacha áirithe) gur dlí mídhleathach é dlí ar leith de chuid an AE, féadfaidh sé iarraidh ar an gCúirt é a neamhniú.
Féadfaidh daoine aonair ‘ mar gheall ar neamhniú’ a úsáid chomh maith i gcás ina dteastaíonn uathu go gcealódh an Chúirt dlí ar leith toisc go bhfuil tionchar díreach agus diúltach aige orthu mar dhaoine aonair.
Má fhaigheann an Chúirt nár glacadh leis an dlí i dtrácht i gceart nó nach bhfuil sé bunaithe i gceart ar na Conarthaí, féadfaidh sé an dlí a dhearbhú a bheith ar neamhní.
4. mar gheall ar neamhghníomh
Cuireann an Conradh ceangal ar an bParlaimint, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cinntí áirithe a dhéanamh faoi thosca áirithe. Má theipeann orthu é sin a dhéanamh, féadfaidh balltíortha, institiúidí eile de chuid an Chomhphobail (faoi choinníollacha áirithe), daoine aonair nó cuideachtaí gearán a thaisceadh leis an gCúirt sa chaoi go ndéanfar an neamhghníomh sin a thaifeadadh go hoifigiúil.
5. díreacha
Féadfaidh duine nó cuideachta ar bith ar bhain damáiste dó/di mar thoradh ar ghníomh nó ar neamhghníomh an Chomhphobail nó a fhoirne caingean a thionscnamh os comhair na Cúirte Céadchéime chun cúiteamh a lorg.
An tslí a n-éistear cásanna
Sanntar breitheamh agus abhcóide ginearálta do gach cás a thagann os comhair na Cúirte.
Cásanna a thagann os comhair na cúirte, próiseáltar iad in dhá chéim: céim scríofa agus céim ó bhéal.
1. An chéim scríofa
Ar dtús, cuireann na páirtithe ar fad atá bainteach ráiteas scríofa ar fáil don bhreitheamh atá freagrach as an gcas. Ansin scríobhann an breitheamh achoimre de na ráitis sin agus de chúlra dlí an cháis.
2. An chéim ó bhéal
Is ionann an dara céim agus an éisteacht phoiblí. Ag brath ar chastacht an cháis féadfaidh an éisteacht a bheith os comhair painéal de 3, 5 nó 15 bhreitheamh nó os comhair na Cúirte ina hiomláine. Ag an éisteacht, cuireann dlíodóirí ón dá thaobh a gcás faoi bhráid an bhreithimh agus an abhcóide ghinearálta, agus féadfaidh siadsan na dlíodóirí a cheistiú.
Ansin tugann an abhcóide ginearálta a thuairim nó a tuairim. Ina dhiaidh sin, pléann na breithiúna an cás i dteannta a chéile agus tugann siad a mbreithiúnas.
Ní gá d'abhcóidí ginearálta a dtuairim a thabhairt ar an gcás ach amháin má chreideann an Chúirt go dtarraingíonn an cás pointe nua dlí anuas. Ní gá don Chúirt glacadh le tuairim an abhcóide ghinearálta.
Cinntí tromlaigh is ea breithiúnais na Cúirte agus léitear amach iad ag éisteachtaí poiblí. Is minic a chraoltar pictiúir d'éisteachtaí (Europe by Satellite ![]()
).






















