Comhairle an Aontais Eorpaigh

Comhairle an AE a thugtar ar seo go neamhfhoirmiúil chomh maith, mar a dtagann airí náisiúnta ó gach tír de chuid an AE le chéile chun dlíthe a ghlacadh agus chun beartais a chomhordú.

Ní cheart é a mheascadh le:

  • An Chomhairle Eorpach – institiúid eile de chuid AE, mar a dtagann ceannairí an AE le chéile timpeall 4 huaire sa bhliain chun tosaíochtaí polaitiúla an AE a phlé
  • Comhairle na hEorpa DeutschEnglishfrançaisitaliano – ní comhlacht de chuid an AE í Comhairle na hEorpa ar chor ar bith.

Cad a dhéanann sí?

  1. Ritheann sí dlíthe an Aontais Eorpaigh.
  2. Comhordaíonn sí beartais fhairsinge gheilleagracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
  3. Síníonn sí comhaontuithe idir an Aontas Eorpach agus tíortha eile.
  4. Faomhann sí buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh.
  5. Forbraíonn sí beartais eachtracha agus cosanta an Aontais Eorpaigh.
  6. Comhordaíonn sí comhoibriú idir cúirteanna agus fórsaí póilíneachta na mBallstát.

1. Dlíthe an Aontais Eorpaigh a rith

Is ag an gComhairle agus ag an bParlaimint a bhíonn an cinneadh deireanach ar dhlíthe nua de chuid an Aontais Eorpaigh a mholann an Coimisiún.

2. Beartais gheilleagracha a chomhordú

Shocraigh Ballstáit an Aontais Eorpaigh gur mhaith leo beartas geilleagrach foriomlán le haghaidh na hEorpa, a bheidh á chomhordú ag airí airgeadais agus geilleagracha gach tír.

Cuspóir eile ná tuilleadh post a chruthú agus córais leasa, cúram sláinte agus oideachais a fheabhsú. Cé go mbíonn gach tír freagrach as a beartas féin, is féidir leo teacht ar chomhspriocanna agus foghlaim ó thaithí a chéile.

3. Comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú

Síníonn an Chomhairle comhaontuithe ar son an Aontais Eorpaigh - faoi ábhair chomh hilghnéitheach le trádáil, forbairt, teicstílí, iascaigh, eolaíocht, teicneolaíocht, iompar agus leis an gcomhshaol.

4. Buiséad an Aontais Eorpaigh a fhaomhadh

Cinneann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go comhpháirteach an t-airgead a fhéadfaidh an tAontas Eorpach a chaitheamh gach bliain.

5. Beartas eachtrach agus cosanta

Bíonn rialú neamhspleách ag rialtais náisiúnta sna réimsí sin ach bíonn siad ag comhoibriú le chéile chun comhbheartas eachtrach agus cosanta a fhorbairt (a thugtar an 'Comhbheartas Eachtrach agus Slándála' air). Is í an Chomhairle an príomhfhóram don chomhoibriú sin.

Níl arm ag an Aontas Eorpach. Ach chun cabhrú leis freagairt níos tapúla do choinbhleachtaí náisiúnta agus do thubaistí nádúrtha, soláthraíonn roinnt tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh trúpaí d'fhórsa frithghnímh mhear, nach mbíonn ach obair dhaonnúil, tarrthála agus síochánaíochta ar siúl aige.

6. Ceartas

Ba cheart go mbeadh comhrochtain ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh ar cheartas i ngach áit san Aontas Eorpach. Sa Chomhairle, déanann airí ceartais a ndícheall chun a chinntiú go n-aithneofar breithiúnais ó chúirteanna i dtír amháin san Aontas Eorpach - maidir le cásanna colscartha, mar shampla - i dtíortha eile go léir an Aontais Eorpaigh.

Comhordaíonn airí gnóthaí baile agus ceartais póilíneacht theorainneacha seachtracha an Aontais, agus an comhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe idirnáisiúnta.

Cé hiad comhaltaí na Comhairle?

Níl aon chomhaltaí buana aici. Ag gach cruinniú Comhairle, seolann gach tír aire an réimse beartais atá faoi chaibidil - m.sh. freastalaíonn an t-aire comhshaoil ar an gcruinniú a phléann le hábhair comhshaoil. Ansin, tabharfar "Comhairle an Chomhshaoil" ar an gcruinniú sin.

Cé a bhíonn mar chathaoirleach ar na cruinnithe?

Tá cathaoirleach buan ar Chomhairle na n-airí gnóthaí eachtracha – Ardionadaí an AE um bheartas eachtrach agus slándála English.

Bíonn aire iomchuí na tíre a mbíonn uachtaránacht rothlach an Aontais aici ina chathaoirleach ar gach cruinniú Comhairle eile.

Mar shampla, beidh aire comhshaoil na hEastóine ina chathaoirleach ar aon chruinniú comhshaoil na Comhairle le linn don uachtaránacht a bheith ag an Eastóin.

Uachtaránachtaí 2011-2020

  • An Ungáir Eanáir-Meitheamh 2011
  • An Pholainn Iúil-Nollaig 2011
  • An Danmhairg Eanáir-Meitheamh 2012
  • An Chipir Iúil-Nollaig 2012
  • Éire Eanáir-Meitheamh 2013
  • An Liotuáin Iúil-Nollaig 2013
  • An Ghréig Eanáir-Meitheamh 2014
  • An Iodáil Iúil-Nollaig 2014
  • An Laitvia Eanáir-Meitheamh 2015
  • Lucsamburg Iúil-Nollaig 2015
  • An Ísiltír Eanáir-Meitheamh 2016
  • An tSlóvaic Iúil-Nollaig 2016
  • Málta Eanáir-Meitheamh 2017
  • An Ríocht Aontaithe Iúil-Nollaig 2017
  • An Eastóin Eanáir-Meitheamh 2018
  • An Bhulgáir Iúil-Nollaig 2018
  • An Ostair Eanáir-Meitheamh 2019
  • An Rómáin Iúil-Nollaig 2019
  • An Fhionlainn Eanáir-Meitheamh 2020

Vótáil

  • Is go poiblí a bhíonn na díospóireachtaí uile agus an vótáil go léir.
  • De ghnáth, teastaíonn tromlach cáilithe sula nglactar le cinneadh:
    • 55% de na tíortha (agus 28 mBallstát páirteach faoi láthair, bíonn 15 thír ag teastaíl)
    • a sheasann do 65% de dhaonra iomlán an Aontais.

Chun stop a chur le cinneadh, teastaíonn 4 thír ar a laghad (a sheasann do 35% de dhaonra iomlán an Aontais).

  • Eisceacht – bíonn vóta d'aon toil (gach tír i bhfabhar) ag teastáil i gcás ábhair íogaire amhail beartas eachtrach agus cánachas.
  • Teastaíonn tromlach simplí i gcás saincheisteanna nós imeachta agus riaracháin.

 Féach freisin

 Íoslódálacha

  • Uachtaránachtaí Chomhairle an AE go dtí mí Meithimh 2020 pdf български (bg) čeština (cs) dansk (da) Deutsch (de) ελληνικά (el) English (en) español (es) eesti keel (et) suomi (fi) français (fr) hrvatski (hr) magyar (hu) italiano (it) lietuvių kalba (lt) latviešu valoda (lv) Malti (mt) Nederlands (nl) polski (pl) português (pt) română (ro) slovenčina (sk) slovenščina (sl) svenska (sv)  
  • Na príomhathruithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin pdfEnglish (en)  

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?