Ról
Is é ról Choiste na Réigiún (CnR) ná dearcthaí áitiúla agus réigiúnacha maidir le reachtaíocht an AE a chur ar aghaidh. Déanann sé amhlaidh trí thuarascálacha a eisiúint (‘tuairimí’) ar thograí an Choimisiúin.
Ní mór don Choimisiún, don Chomhairle agus don Pharlaimint dul i gcomhar le Coiste na Réigiún roimh chinneadh AE a ghlacadh ar chúrsaí a bhaineann le rialtas áitiúil agus réigiúnach (mar shampla ar bheartas fostaíochta, an comhshaol, oideachas nó sláinte phoiblí).
Comhaltaí
Tá 344 chomhalta ag Coiste na Réigiún i láthair na huaire (agus an oiread céanna comhaltaí malartacha) ó gach ceann de 27 dtír an AE.
D'fhéadfadh méadú eile ar an AE líon na gcomhaltaí (agus na gcomhaltaí malartacha) a thabhairt go dtí 350 comhalta ar a mhéid.
Ceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha go ceann tréimhse cúig bliana ag an gComhairle, ag gníomhú ar mholtaí ó thíortha an AE. Roghnaíonn gach tír a comhaltaí ar a slí féin, ach léiríonn na toscaireachtaí ar fad an chothromaíocht pholaitiúil, gheografach agus réigiúnach/áitiúil ina dtír féin.
Comhaltaí tofa nó príomhghníomhaithe in údaráis áitiúla nó réigiúnacha a réigiún féin is ea na comhaltaí.
Struchtúr
Bíonn cúig sheisiún iomlánacha ag Coiste na Réigiún gach bliain, chun an beartas ginearálta a shainiú agus chun tuairimí a ghlacadh.
Sé ‘choimisiún’ atá ann a bhreithníonn réimsí éagsúla beartais agus a réitíonn na tuairimí a phléitear ina dhiaidh sin sna seisiúin iomlánacha:
- Comhtháthú críochach
- Beartas eacnamaíoch agus sóisialta
- Oideachas, óige agus taighde
- Timpeallacht, athrú aeráide agus fuinneamh
- Saoránacht, rialachas, gnóthaí institiúideacha agus eachtracha
- Acmhainní nádúrtha
Ina theannta sin, glacann an Coiste le rúin ar cheisteanna polaitiúla tráthúla.
Tá ionadaíocht ag ceithre ghrúpa polaitiúla ar Choiste na Réigiún, ag léiriú phríomhtheaghlaigh pholaitiúla na hEorpa:
- Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE)
- Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE)
- Grúpa Chomhghuaillíocht na Liobrálach agus na nDaonlathaithe le haghaidh na hEorpa (CLDE)
- An tAontas um Eoraip na Náisiún - Comhghuaillíocht Eorpach (ANE-CE).
Ról níos láidre tar éis Chonradh Liospóin
Faoi Chonradh Liospóin, ní mór don Choimisiún Eorpach dul i gcomhairle anois le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus lena gcomhlachais ar fud an AE chomh luath leis an gcéim réamhreachtach. Is mór an bhaint atá ag Coiste na Réigiún, ina cháil mar ghuth na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, leis an nós imeachta seo.
Ón uair a dhéanann an Coimisiún togra reachtach, ní mór dó dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún athuair má bhaineann an togra le haon cheann den iliomad réimsí beartais a mbíonn tionchar díreach acu ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha.


