Cosán nascleanúna

Buneolas faoin Aontas Eorpach

Comhpháirtíocht uathúil eacnamaíoch agus pholaitiúil idir 28 tír Eorpach, a chuimsíonn formhór na mór-roinne, is ea an AE.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda a cruthaíodh an AE. Comhar eacnamaíoch a chothú, b'shin an chéad chéim: measadh gur mó an seans go seachnódh tíortha cogadh dá mbeidís ag trádáil lena chéile agus a ngeilleagair ag brath ar a chéile. Tháinig Comphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) as sin; cruthaíodh i 1958 é agus i dtosach mhéadaigh sé an comhar eacnamaíoch idir sé cinn de thíortha: an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír. Ó shin i leith, tá sé iompaithe ina mhargadh aonair ollmhór agus tá sé ag forbairt i gcónaí chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Ó aontas eacnamaíoch go haontas polaitiúil

An rud nach raibh ann ach aontas eacnamaíoch ar dtús, tháinig foirbairt air go ndearnadh eagraíocht de a chuimsíonn réimsí éagsúla beartais, ón gcomhar forbraíochta go dtí an comhshaol. Athraíodh an t-ainm i 1993, ó CEE go AE (an tAontas Eorpach), chun é sin a chur in iúl.

Is ar an smacht reachta atá an AE bunaithe: is ar bhonn conarthaí a dhéanann sé gach a ndéanann sé, conarthaí lenar aontaigh na ballstáit uile go toiliúil agus go daonlathach. Is iad na comhaontuithe ceangailteacha sin a shocraíonn cuspóirí an AE san iliomad réimse gníomhaíochta atá aige.

Soghluaisteacht, fás, cobhsaíocht agus airgeadra aonair

A bhuí leis an AE bhí leathchéad bliain de shíocháin, de chobhsaíocht agus de rath ann; chabhraigh sé chun caighdeáin mhaireachtála a ardú, agus sheol sé airgeadra Eorpach aonair, an euro.

A bhuí le díothu na rialuithe teorann idir thíortha an AE, tá saorchead taistil ag daoine ar fhormhór na mór-roinne. Agus is fusa go mór anois cónaí is oibriú thar lear san Eoraip.

Is é an margadh aonair nó 'inmheánach' príomhinneall eacnamaíoch an AE, a thugann mórán saorghluaiseachta d'earraí, do sheirbhísí, d'airgead is do dhaoine. Príomhchuspóir eile is ea an acmhainn ollmhór sin a fhorbairt ionas go mbainfidh gach Eorpach an tairbhe is mó as.

Cearta an duine agus comhionannas

Príomhchuspóir de chuid an AE is ea cearta an duine a chur chun cinn, go hinmheánach is ar fud an domhain. Dínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine: sin iad lárluachanna an AE. Nuair a síníodh Conradh Liospóin in 2009, tugadh na cearta sin ar fad le chéile in aon cháipéis amháin, mar atá Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá de cheangal dlí ar institiúidí an AE na cearta sin a chosaint, mar atá ar rialtais an AE pé uair a chuireann siad dlí an AE i bhfeidhm.

Institiúidí trédhearcacha agus daonlathacha

Agus é ag leanúint air ag fás, tá an AE fós dírithe ar na hinstitiúidí a rialaíonn é a dhéanamh níos trédhearcaí is níos daonlathaí. Táthar ag tabhairt níos mó cumhachtaí do Pharlaimint na hEorpa, a dtoghann an pobal go díreach í, agus tá ról níos mó á thabhairt do na parlaimintí náisiúnta, a oibríonn i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha. Dá réir sin, bítear de shíor ag méadú ar líon na mbealaí atá ag saoránaigh na hEorpa le páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil.

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?