Maireachtáil san AE
Taispeánann figiúirí maidir le leibhéil rathúnais, le dearcthaí, le caiteachas ar oideachas agus le foghlaim teangacha cuid de na cosúlachtaí agus na contrárthachtaí idir tíortha an AE.
An geilleagar
Bunathrú chun feabhais a rinne mórchumhacht trádála den AE ab ea cruthú an mhargaidh aonair agus an méadú ar thrádáil agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch ginearálta a ghabh leis. Tá an AE ag iarraidh fás eacnamaíoch a chothú trí infheistíocht a dhéanamh in iompar, i bhfuinneamh agus i dtaighde, agus an tionchar a bheidh ar tuilleadh forbartha eacnamaíche ar an gcomhshaol a íoslaghdú ag an am céanna.
Riarachán an AE - foireann, teangacha agus suíomh
Caitheann an AE tuairim is 6% dá bhuiséad bliantúil ar an fhoireann, ar riarachán agus ar chothabháil fhoirgnimh an AE.






















