Cosán nascleanúna

An geilleagar

Ina cháil mar mhargadh aonair, tá an AE ar mhórchumhachtaí trádála an domhain. Tá an AE ag iarraidh fás eacnamaíoch a chothú trí infheistíocht a dhéanamh san iompar, i bhfuinneamh agus i dtaighde – agus an tionchar a bheidh ar tuilleadh forbartha eacnamaíche ar an gcomhshaol a íoslaghdú ag an am céanna.

Tomhas gheilleagar an AE

Tháinig 12 bhallstát nua leis an Aontas ó 2004, agus mar sin is mó OTI an AE – aschur earraí agus seirbhísí – anois ná OTI na Stáit Aontaithe

  • OTI (€12 268 387 milliún, 2010)

Trádáil

Ní chónaíonn ach 7% de dhaonra an domhain san AE, ach is ionann trádáil an AE leis an gcuid eile den domhan agus 20% d'onnmhairí agus d'allmhairí domhanda. Is é an AE an t-onnmhaireoir is mó ar domhan agus an dara allmhaireoir is mó.

Déanann tíortha an AE timpeall dhá thrian dá dtrádáil iomlán le tíortha eile de chuid an AE.

Is iad Stáit Aontaithe Mheiriceá an comhpháirtí trádála is tábhachtaí atá ag an AE, agus an tSín ina dhiaidh sin. Sa bhliain 2005, ba é an AE a bhí freagrach as 18.1% d’onnmhairí agus 18.9% d’allmhairí an domhain.

Fostaíocht

Le 50 bliain anuas, tá laghdú tagtha ar fhostaíocht sa talmhaíocht agus sa tionscal, agus oibríonn níos mó daoine anois ná riamh san earnáil seirbhísí.

Tá méadú tagtha ar dhífhostaíocht i bhfianaise na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais le déanaí agus seasann sé anois ag 7.5% san AE.

Taighde

Is iad taighde agus forbairt (T&F) croílár straitéis an AE chun geilleagar an AE a dhéanamh níos iomaíche. An aidhm ná tuilleadh airgid a infheistiú chun go mbeidh caiteachas ar T&F san AE ar aon dul le caiteachas sna Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin.

Bonneagar

Ní iompraítear ar iarnróid agus ar bhealaí uisce intíre (aibhneacha agus canálacha) ach céatadán beag de thrácht iomlán lasta agus paisinéirí an AE. Iompraítear trí cheathrú d’earraí agus de phaisinéirí an AE ar bhóithre anois.

Fuinneamh agus comhshaol

Braitheann an AE ar allmhairí ar son breis is 50% dá riachtanais fuinnimh.

Chun an spleáchas seo a laghdú agus an comhshaol a chaomhnú, tá an AE ag iarraidh úsáid níos éifeachtaí a bhaint as fuinneamh agus foinsí breise in-athnuaite a úsáid. Is é sprioc an AE 20% dá leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite mar an ghaoth, an ghrian, uisce, monarchana geoiteirmeacha agus bithmhais faoin mbliain 2020.

 Íoslódálacha

  • Poist agus fás san AE - Plean oibre i dtreo todhchaí inbhuanaithe български (bg) čeština (cs) dansk (da) Deutsch (de) ελληνικά (el) English (en) español (es) eesti keel (et) suomi (fi) français (fr) magyar (hu) italiano (it) lietuvių kalba (lt) latviešu valoda (lv) Malti (mt) Nederlands (nl) polski (pl) português (pt) română (ro) slovenčina (sk) slovenščina (sl) svenska (sv)  
  • Togra ón gCoimisiún Eorpach don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 pdfEnglish (en)  
  • Rialacha airgeadais is deiseanna ar mhaoiniú 2007-2013 pdf български (bg) čeština (cs) dansk (da) Deutsch (de) ελληνικά (el) English (en) español (es) eesti keel (et) suomi (fi) français (fr) magyar (hu) italiano (it) lietuvių kalba (lt) latviešu valoda (lv) Malti (mt) Nederlands (nl) polski (pl) português (pt) română (ro) slovenčina (sk) slovenščina (sl) svenska (sv)  

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ