Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair an Aontais Eorpaigh

Ceannródaithe

Amlíne

Foghlaim faoi bhunú an Aontais Eorpaigh agus faoin gcaoi ar fhorbair sé thar na scórtha bliain.

  1. 1945-59
    Síocháin san Eoraip agus tús an chomhair

    Mar a tháinig an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach ar an bhfód de thoradh comhar iarchogaidh, síniú Chonarthaí na Róimhe agus tús Pharlaimint na hEorpa.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 1945-59

  2. 1960-69
    Na 'Seascaidí Saorálacha' – tréimhse fáis eacnamaíoch

    Mar a d’fhorbair an tAontas Eorpach le linn na 1960idí, tráth ar cuireadh leis lánpháirtíocht eacnamaíoch san Eoraip agus nuair a cuireadh tús leis an gcomhar idirnáisiúnta.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 1960-69

  3. 1970-79
    Comhphobal ag fás – seo iad na chéad bhaill nua a tháinig isteach: An Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe

    Mar a d’fhorbair an tAontas Eorpach sna 70idí, tráth ar cuireadh baill nua leis na bunbhaill den chéad uair, toghcháin Eorpacha agus beartas réigiúnach chun borradh a chur faoi cheantair bhochta.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 1970-79

  4. 1980-89
    Athrú mór ar dhreach na hEorpa – titim an chumannachais

    Mar a d’fhorbair an tAontas Eorpach sna 1980idí, tráth ar tháinig níos mó tíortha isteach ann, clár Erasmus agus tús an mhargaidh aonair.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 1980-89

  5. 1990-99
    An Eoraip gan teorainneacha

    Mar a d’fhorbair an tAontas Eorpach sna 1990idí, tráth a ndearnadh méadú breise air, tráth ar seoladh an margadh aonair, an taisteal gan teorainneacha agus an euro.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 1990-99

  6. 2000-09
    Méadú breise

    Mar a d’fhorbair an tAontas Eorpach idir 2000 agus 2009, tráth ar tháinig 12 thír nua isteach ann, stádas dlíthairisceana don euro agus síniú Chonradh Liospóin.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 2000-09

  7. 2010-19
    Deich mbliana de dhúshláin

    Mar a d’fhorbair an tAontas Eorpach idir 2010 agus 2019, mar a d’fhreagair sé ar an ngéarchéim airgeadais, teacht na Cróite isteach san Aontas, agus reifreann na Ríochta Aontaithe i dtaca leis an Aontas a fhágáil.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 2010-19

  8. 2020 go dtí an t-am i láthair
    Aontas atá aontaithe agus athléimneach

    Mar a d’fhorbair an tAontas Eorpach ó 2020 i leith, agus é ag freagairt do dhúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, amhail paindéim COVID-19, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

    Tuilleadh eolais faoi na blianta 2020 go dtí an lá inniu