Aithreacha Bunaitheacha an AE

Cruthaíodh an tAontas Eorpach a mairimid ann inniu a bhuíochas de spreagadh na gceannairí físeacha seo a leanas. Gan a bhfuinneamh agus a n-inspreagadh siúd ní bheimis ag maireachtáil sa sféar síochána agus cobhsaíochta a ndéanaimid talamh slán de. Grúpa éagsúil ina raibh idir throdaithe frithbheartaíochta, dhlíodóirí agus dhaoine eile nárbh iad ab ea na haithreacha bunaitheacha ach bhí na hidéil chéanna acu i bpáirt: Eoraip shíochánta, aontaithe, rachmasach. Le cois na n-aithreacha bunaitheacha a ndéantar cur síos orthu thíos, is iomaí duine eile a spreag togra na hEorpa agus a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun é a bhaint amach. Obair idir lámha, dá bhrí sin, is ea an roinn seo ar na haithreacha bunaitheacha.

Konrad Adenauer: daonlathaí pragmatach agus aontóir diongbháilte

An chéad Seansailéir ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a bhí ina cheannaire ar an stát nuabhunaithe idir 1949-63, d’imir sé níos mó tionchair ná aon duine eile ar stair iarchogaidh na Gearmáine agus na hEorpa.

Bunchloch i mbeartas eachtrach Adenauer ba ea athmhuintearas a dhéanamh leis an bhFrainc. Rinneadh dul chun cinn stairiúil ina leith sin i gcomhar le hUachtarán na Fraince, Charles de Gaulle: i 1963, shínigh an Ghearmáin agus an Fhrainc, a bhí ina ndeargnaimhde tráth, conradh cairdis a bhí ar cheann de na garspriocanna i dtreo lánpháirtiú na hEorpa.

X

Konrad Adenauer ag labhairt dó an 2 Iúil 1966 in Metz

Má éiríonn linn eagras a chruthú a chuirfidh ar chumas na bhFrancach a bhfuil ar siúl sa Ghearmáin i réimse an ghuail agus na cruach a fheiceáil, agus, os a choinne sin, má fheiceann na Gearmánaigh a bhfuil ar siúl sa Fhrainc, is é an promhadh cómhalartach sin an tslí is fearr le beartas a chumadh a bheidh bunaithe ar mhuinín.


Konrad Adenauer spricht am 2. Juli 1966 in Metz

Wenn es uns gelingt, eine Organisation zu schaffen, die den Franzosen gestattet, alles das zu sehen, was auf dem Gebiete der Fabrikation von Stahl und der Förderung von Kohle in Deutschland vor sich geht und, wenn umgekehrt, die Deutschen sehen, was in Frankreich vor sich geht, dann ist diese gegenseitige Kontrolle das beste Mittel, um eine Politik zu treiben, die sich auf Vertrauen gründet.

Joseph Bech: ról ríthábhachtach ag tír bheag i lánpháirtiú na hEorpa

Polaiteoir as Lucsamburg ba ea Joseph Bech a chabhraigh le bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach go luath sna 1950daí agus bhí sé ar cheann de na daoine ceannródaíocha a chuir tús le lánpháirtiú na hEorpa níos deireanaí sna 50daí.

Ba chómheamram a bhí ann idir thíortha Benelux, rud a spreag Comhdháil Messina i Meitheamh 1955, agus a d’oscail an bealach i dtreo Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

X

Joseph Bech ag labhairt dó i 1968 in Strasbourg

Cad chuige, dáiríre, a theastaigh uainn an Eoraip a dhéanamh tar éis an Dara Cogadh Domhanda? Mheasamar nár mhór Eoraip nua a chruthú chun an Fhrainc agus an Ghearmáin a thabhairt chun athmhuintearais sa chreat nua seo.

Agus tugaimis faoi deara gur chruthaíomar idé na hEorpa, ar a laghad sa réimse sin, ceann ríthábhachtach óir is air a bhí síocháin na hEorpa ag brath. Is ansin a baineadh amach ceann de chuspóirí, de thucaidí, an choimheascair ar son na hEorpa.


Joseph Bech parle en 1968 à Strasbourg

Pourquoi est-ce qu’en réalité nous avons voulu faire l’Europe au lendemain de la Seconde Guerre mondiale ? Nous pensions qu’il fallait absolument créer une Europe nouvelle afin de permettre, dans ce cadre nouveau, de réconcilier la France et l’Allemagne.

Et constatons que tout au moins dans ce domaine qui était un domaine essentiel, puisque c’est la paix en Europe qui en dépend, nous avons fait l’idée européenne ou l’un des motifs, l’un des objectifs de la lutte pour l’Europe unie a été atteint.

Johan Willem Beyen: plean cómhargaidh

Ba bhaincéir idirnáisiúnta agus fear gnó a bhí sa pholaiteoir Ísiltíreach Johan Willem Beyen a chuir beocht nua i bpróiseas lánpháirtithe na hEorpa i lár na 1950daí.

Tá Beyen ar dhuine de na daoine is lú cáil a bhí i ngrúpa Phríomhbhunaitheoirí an AE. Na daoine a raibh aithne acu air, bhí meas acu air i ngeall ar a tharraingteacht, ar an ngné idirnáisiúnta a bhain leis agus ar cé chomh réchúiseach agus a bhí sé.

X

Winston Churchill: Ag iarraidh Stáit Aontaithe na hEorpa a chruthú

Winston Churchill, iar-oifigeach airm, tuairisceoir cogaidh agus Príomh-Aire na Breataine (1940-45 agus 1951-55), bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a bhí ag iarraidh 'Stáit Aontaithe na hEorpa' a chruthú. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé cinnte dearfa nárbh síocháin ráthaithe go hEoraip aontaithe. Galair na hEorpa a bhain le náisiúnachas agus bolscaireacht cogaidh a chur as an áireamh go deo an cuspóir a bhí aige.

X

Winston Churchill, ag labhairt dó an 19 Meán Fómhair 1946 in Zurich

... ní mór dúinn teaghlach na hEorpa a athchruthú i struchtúr réigiúnach ar a dtabharfaí, b'fhéidir, Stáit Aontaithe na hEorpa, agus ar an gcéad chéim phraiticiúil beidh Comhairle na hEorpa a bhunú. Mura mian le Stáit uile na hEorpa teacht isteach san aontas ar dtús, nó mura dtig leo, ní mór dúinn mar sin féin na cinn atá toilteanach, agus atá in ann, a thabhairt le chéile.


Winston Churchill speaking on 19 September 1946 in Zurich

…we must re-create the European family in a regional structure called, it may be, the United States of Europe, and the first practical step will be to form a Council of Europe. If at first all the States of Europe are not willing or able to join the union we must nevertheless proceed to assemble and combine those who will and those who can.

Alcide de Gasperi: idirghabhálaí a bhí tógtha leis an daonlathas agus an tsaoirse san Eoraip

Idir 1945 agus 1953, rinne Alcide De Gasperi, agus é ina Phríomh-Aire agus ina Aire Gnóthaí Eachtracha san Iodáil, an treo a bhí i ndán don tír sna blianta tar éis an chogaidh a mhúnlú.

Chuir sé tionscnaimh chun cinn arís agus arís eile a bhí dírithe ar Iarthar na hEorpa a chomhtháthú, Plean Marshall a fhíorú agus dlúthnaisc eacnamaíocha a chruthú le tíortha eile na hEorpa, an Fhrainc go háirithe.

X

Alcide De Gasperi ag labhairt dó an 12 Eanáir 1951 in Strasbourg

Mura dtógaimid ach comh-riaracháin gan toil pholaitiúil os a gcionn, a rialóidh eagras lárnach ina mbeidh na toileanna náisiúnta ag bualadh lena chéile agus ag imeascadh in ardsintéis, beidh baol ann go mbeidh cuma leamh, gan bhrí, ar an ngíomhaíocht Eorpach seo i gcomparáid le beocht na ngníomhaíochtaí náisiúnta ar leith. D'fhéadfadh cuma na cuinge iomarcaí agus b'fhéidir dochraidí, a theacht orthu uair éigin, fiú, amhail Impireacht Naofa na Róimhe ag tréimhse áirithe a meatha.


Alcide de Gasperi parle le 12 janvier 1951 à Strasbourg

Si nous ne bâtissons que des administrations communes sans qu'il y ait une volonté politique supérieure vérifiée par un organisme central, dans lesquels les volontés nationales se rencontrent, se précisent et se réchauffent dans une synthèse supérieure, nous risquons que cette activité européenne, comparée aux vitalités nationales particulières, paraisse sans chaleur, sans vie idéale. Il pourrait même apparaître à certain moment un harnachement superflu et peut être oppressif, tel que le Saint-Empire Romain apparu à certaine période de son déclin.

Walter Hallstein: fórsa taidhleoireachta a stiúir lánpháirtiú na hEorpa go tapa

Ba é Walter Hallstein céad-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ó 1958 go 1967, Eorpach lántiomanta agus thacaigh sé go láidir le lánpháirtiú na hEorpa.

Agus é ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, d'oibrigh Hallstein chun an Cómhargadh a thabhairt i gcrích go gasta. Chuir a dhíograis fhuinniúil is a chumhachtaí áitimh cúis an lánpháirtithe chun cinn fiú tar éis a thréimhse mar uachtarán. Agus é in oifig, is tapa a chuaigh an lánpháirtiú ar aghaidh.

X

Walter Hallstein ag labhairt dó an 2 Márta 1953 in Strasbourg

Tá aithne mhaith ar a bhfuil dár spreagadh: Tá féiniúlacht Eorpach dho-mhillte ann. Ní rathóidh na hEorpaigh – agus an domhan mór – ach trí Eoraip láidir, aontaithe. Balcáin an domhain a bheadh in Eoraip ilroinnte, agus cathú buan le go gcuirfeadh tíortha seachtracha a ladar isteach ina cuid gnóthaí. Ní mór di labhairt le guth amháin ionas go gcloisfear í. Dá bhrí sin níl aon rud is míchuí ná an róbhéim a leagar uaireanta ar chothromú i gcás ar leith, nó ar charnadh teagmhasach na gcásanna sin.


Walter Hallstein spricht am 2. März 1953 in Straßburg

Was uns vorwärts treibt, ist zur Genüge bekannt: Es gibt ein unzerstörbares europäisches Selbstgefühl. Nur mit einem starken, einigen Europa können die Europäer - und kann die Welt - wirklich gedeihen. Ein zersplittertes Europa wird zum Balkan der Welt werden und zur ständigen Einladung an andere, sich in seine Angelegenheiten einzumischen. Es muss mit einer Stimme sprechen, um gehört zu werden. Nichts ist darum unangebrachter, als die von Zeit zu Zeit eintretende Konzentration auf einzelne Ausgleichsvorgänge oder ihre gelegentliche Kumulierung zu dramatisieren.

Sicco Mansholt: feirmeoir, trodaí sa fhrithbheartaíocht agus fíor-Eorpach

B’fheirmeoir é Sicco Mansholt, throid sé i bhfrithbheartaíocht na hÍsiltíre le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina pholaiteoir sa tír sin agus ba é an chéad Choimisinéir Eorpach don Talmhaíocht é. Ba iad smaointe Mansholt ba bhunús le Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh a bhí ar cheann de na beartais ba thábhachtaí tráth a bhunaithe.

Bhí taithí ag Mansholt ar na huafáis a tharla le linn an ghorta a bhí san Ísiltír ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus bhí sé diongbháilte de go raibh gá le hEoraip a sholáthródh a dóthain féin agus gur cheart soláthar seasta bia inacmhainne a chinntiú do chách.

X

Sicco Mansholt ag labhairt sa Bhruiséil an 10 Nollaig 1968

Tá a thuairmí tugtha ag an gCoimisiún do Chomhairle na nAirí faoin méid a cheapann sé is gá a dhéanamh in earnáil talmhaíochta na hEorpa sna 10 mbliana amach romhainn.

Thug sé le fios go ndéanfar meamram faoi struchtúr na talmhaíochta i gcoitinne a thíolacadh ar an gcéad dul síos.

Tá na bearta chomh forleathan sin, ní hamháin ar leibhéal airgeadais ach freisin ar leibhéal struchtúrtha, go gceapann an Coimisiún gur meamram an rogha cheart.


Sicco Mansholt in gesprek op 10 december 1968 in Brussel

De Commissie heeft dus zojuist aan de ministerraad een uiteenzetting gegeven van wat zij meent dat in de komende 10 jaar moet gebeuren in de Europese landbouw.

Zij heeft dus meegedeeld dat er in de 1ste plaats een memorandum zal worden overgelegd ten aanzien van de agrarische structuur in de ruimste zin van het woord.

Het zijn zulke ingrijpende maatregelen, niet alleen financieel diep ingrijpend maar ook structureel diep ingrijpend, dat zij meent dat de vorm van een memorandum de juiste is.

Jean Monnet: an fórsa comhaontaithe laistiar de ghiniúint an Aontais Eorpaigh

Thiomnaigh an comhairleoir Francach polaitiúil is eacnamaíoch é féin do chúis an lánpháirtithe Eorpaigh. Eisean a spreag 'Plean Schuman', lenar cinneadh ar thionscal trom iarthar na hEorpa a chumasc.

Ba as réigiún Cognac na Fraince Monnet. Nuair a d'fhág sé an scoil in aois a 16 thaistil sé go tíortha éagsúla mar thrádálaí cognac, is níos déanaí freisin mar bhaincéir. I rith an dá chogadh dhomhanda bhí poist ardleibhéil aige a bhain le comhordú na táirgeachta tionsclaíochta sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe.

X

Jean Monnet ag labhairt dó i 1951 in Strasbourg

Cinntí an chéad-fheidhmeannais Eorpaigh seo arb é an tArd-Údarás é, cuirtear chun feidhme inár sé thír iad amhail is nach raibh iontu ach tír amháin. Sin ceann de na claochluithe riachtanacha atá á chur i gcrích ag ár bhfiontar agus sin an tástáil ar éirigh leis nó nár éirigh.

An chéad chómhargadh seo, na chéad institiúidí fornáisiúnta; tús le haontú na hEorpa atá ann.


Jean Monnet parle en 1951 à Strasbourg

Les décisions de ce premier exécutif européen qu’est la Haute Autorité, sont exécutées dans nos six pays comme s'ils n’en faisaient qu'un. C'est là une des transformations essentielles que réalise notre entreprise et le test de sa réussite.

Ce premier marché commun, ces premières institutions supranationales, c'est l'Europe qui commence à s'unir.

Robert Schuman: ailtire an tionscadail imeasctha Eorpaigh

An státaire Robert Schuman, dlíodóir cáilithe agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince idir 1948 agus 1952, tugtar aitheantas dó mar dhuine mar dhuine d'aithreacha aontacht na hEorpa.

I gcomhar le Jean Monnet, dhréachtaigh sé Plean Schuman, plean a bhfuil cáil idirnáisiúnta air. D'fhoilsigh sé é an 9 Bealtaine 1950, dáta a aithnítear anois mar lá breithe an Aontais Eorpaigh. Mhol sé go gcuirfí táirgeadh an ghuail is na cruach (na bunábhair is tábhachtaí don tionscal armála) faoi chomhrialú. Ba é príomhsmaoineamh an phlean sin ná beadh daoine in ann cogadh a throid gan smacht acu ar tháirgeadh an ghuail is na cruach.

X

Tugann Robert Schuman a dhearbhú uaidh, an 9 Bealtaine 1950 i bPáras

Seirbhís na síochana mar aidhm bhunúsach a spreag an Fhrainc i gcónaí chun a bheith ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí le 20 bliain anuas chun an Eoraip a aontú.

Níor baineadh Eoraip aontaithe amach agus bhí cogadh againn. Ní láithreach bonn, nó de réir phlean aonair, a dhéanfar an Eoraip. Trí éachtaí nithiúla, a chruthaíonn dlúthpháirtíocht de facto ar dtús, a thógfar í. Molann Rialtas na Fraince go gcuirfí táirgeadh Franc-Ghearmánach an ghuail is na cruach ar fad faoi chomh-Údarás.


Robert Schuman donne sa déclaration le 9 mai 1950 à Paris

En se faisant depuis plus de 20 ans le champion d'une Europe unie, la France a toujours eu pour objet essentiel de servir la paix.

L'Europe n'a pas été faite, nous avons eu la guerre. L'Europe ne se fera pas d'un coup, ni dans une construction d'ensemble. Elle se fera par des réalisations concrètes, créant d'abord une solidarité de fait. Le gouvernement français propose de placer l'ensemble de la production franco-allemande de charbon et d'acier sous une haute autorité commune.

Paul-Henri Spaak: aislingeach Eorpach agus áititheoir cumasach

'Státaire Eorpach' – is maith a thuilleann gairmréim fhada an Bheilgigh Paul-Henri Spaak an teideal sin.

Bhí ról tábhachtach ag Spaak i bhfoimliú an ábhair do Chonradh na Róimhe. Ag 'Comhdháil Messina’ i 1955, cheap na sé rialtas rannpháirteacha é ina uachtarán ar an gcoiste oibre a d’ullmhaigh an Conradh.

X

Paul-Henri Spaak ag labhairt dó an 11 Nollaig 1951 i bPáras

... bíodh gur ar éigean a bhaineann suim agus úsáidí ár gcúraim de daoine áirithe, do chuid againne is rud ríthábhachtach agus riachtanas práinneach leis atá de déanamh againn anseo.

Tá meas agam orthu siúd atá in ann bheith suaimhneach agus an Eoraip mar atá sí. D'fhéadfaimis bheith an-chruálach mura mbeadh iallach orainn a bheidh chomh parlaiminteach.., ach mar sin féin caithimis súil ar ais ar na blianta atá díreach thart!


Paul-Henri Spaak parle le 11 décembre 1951 à Paris

…alors que certains sont à peine touchés par l'intérêt et l'utilité de notre besogne, pour un certain nombre d'entre nous ce que nous aurions à faire ici c'est une chose vitale et d'une urgente nécessité.

J'admire ceux qui peuvent rester calme dans l'état actuel de l'Europe. On pourrait être terriblement cruel si nous n'étions pas forcé d'être aussi parlementaire.., mais tout de même retournez-vous un peu sur les années qui viennent de s'écouler!

Altiero Spinelli: feidearálach diongbháilte

Bhí an polaiteoir Iodálach Altiero Spinelli ar dhuine de phíomhthionscnóirí an Aontais Eorpaigh. Bhí ról tábhachtach aige sa togra ó Pharlaimint na hEorpa le haghaidh Conartha ar Aontas Eorpach feidearálach – dá ngairtear ‘Plean Spinelli’. Ghlac tromlach mór sa Pharlaimint leis an togra sin i 1984 agus b'ionspráid thábhachtach é maidir le Conarthaí an AE a neartú sna 1980daí agus 1990daí.

X

Altiero Spinelli ag labhairt dó i Strasbourg an 8 Iúil 1981

Thar aon ní eile, ba cheart cur le ról iomlán na Parlaiminte agus an ról sin a neartú. Sin an fáth go bhfuil coiste nua parlaiminte á lorg againn agus cuma cén t-ainm a bheidh air ní dhíreodh sé ach ar an ábhar sin amháin agus chuirfeadh sé tuarascálacha eatramhacha faoi bhráid na Parlaiminte ag iarraidh cinntí uirthi idir na roghanna éagsúla a chuirfí faoina bráid agus an chomhthuiscint is leithne is féidir a fháil trí phlé forleathan. Is é an cuspóir a bheadh ann tionscadal athchóirithe a ghlacadh go dtuigfeadh cách a bhrí agus a impleachtaí.


Altiero Spinelli parlando l’8 luglio 1981 a Strasburgo

Dovremo in primo luogo impegnare sempre più e sempre più fortemente il Parlamento tutto intero. È per questo che chiediamo la costituzione di una nuova commissione parlamentare che, comunque essa si chiami, si occupi solo di questo tema e che man mano presenti rapporti interinali al Parlamento per chiamarlo a decidere fra le varie opzioni che si presenteranno ed a formare attraverso larghi dibattiti di consensi più ampi possibili, fino a giungere al voto finale del progetto di riforma, nella piena consapevolezza da parte di tutti di ciò che significa e implica.

 Íoslódálacha

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?