2010 | 2011 | 2012 | 2013

2013

Eanáir

1

Is é seal na hÉireann é seilbh a ghlacadh ar an uachtaránacht sé mhí ar Chomhairle an AE. Is iad cobhsaíocht, fostaíocht agus fás trí thosaíocht na hUachtaránachta.

1

Bliain Eorpach na Saoránach seolta ag an gCoimisiún Eorpach: tá na cearta agus na buntáistí a bhaineann le saoránacht an AE don ghnáthphobal ag croílár an tionscnaimh seo.

1

Teacht i bhfeidhm an Chonartha ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (ar a dtugtar 'an comhshocrú fioscach' i mbéal an phobail). Tá faoin gconradh smacht fioscach a neartú i limistéar an euro trí 'riail an bhuiséid chomhardaithe' agus trí shásra ceartúcháin.

1

Is iad Marseille (an Fhrainc) agus Košice (an tSlóvaic) Príomhchathracha Cultúir na hEorpa don bhliain 2013. Beidh imeachtaí ar siúl sa dá chathair sin chun an cultúr áitiúil a chur chun cinn.

21

Cheap an Grúpa Euro Uachtarán nua – Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre – le haghaidh téarma dhá bhliain go leith.

22

Chomhaontaigh airí airgeadais, i bprionsabal, go dtabharfar isteach cáin ar idirbhearta airgeadais in 11 thír i limistéar an euro.

Feabhra

26

Mar chuid de phacáiste tograí le haghaidh beartais iascaigh nuachóirithe san AE, tháinig airí an AE ar chomhaontú neamhfhoirmiúil le linn na Comhairle maidir le stoic atá i mbaol a chosaint agus deireadh a chur le ‘ábhar muirí aischurtha’ – sin an cleachtas ina gcaitear éisc nach bhfuil ag teastáil ar ais san fharraige.

28

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le scéim ráthaíochta do dhaoine óga faoi bhun 25 bliain d’aois. Cinnteoidh an scéim sin go bhfaighidh na daoine óga sin tairiscint fostaíochta, oiliúna, breisoideachais nó printíseachta faoi cheann tréimhse ceithre mhí ón scoil a fhágáil nó ó bheith dífhostaithe.

 Féach freisin

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ