Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair an Aontais Eorpaigh 2000-09

Méadú breise

Is é an euro an t-airgeadra nua ag na milliúin Eorpach. An 11 Meán Fómhair 2001, dáta nach féidir a scaradh ón sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta, tiomáineadh eitleáin fhuadaithe isteach i bhfoirgnimh i Nua-Eabhrac agus Washington. Thosaigh tíortha an domhain ag obair i ndlúthpháirtíocht le chéile chun an choireacht a chomhrac. Leigheasadh an scoilt idir Oirthear agus Iarthar na hEorpa nuair a tháinig 10 dtír nua isteach san Aontas Eorpach in 2004, agus ina ndiaidh, in 2007, an Bhulgáir agus an Rómáin. Bhuail géarchéim airgeadais an geilleagar domhanda i Meán Fómhair 2008. Le Conradh Liospóin cuireadh institiúidí nua-aimseartha agus modhanna oibre éifeachtúla ar fáil.

26 Feabhra 2001 – Conradh Nice

Shínigh ceannairí an Aontais Eorpaigh Conradh Nice. Ba é b’aidhm dó na hinstitiúidí a athchóiriú ionas go bhféadfadh an tAontas feidhmiú go héifeachtúil agus 25 Bhallstát ann, agus ullmhú le haghaidh an chéad bhaisc eile Ballstát nua a bhí le teacht. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2003.

11 Meán Fómhair 2001 – Ionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe

Tiomáineadh eitleáin fhuadaithe isteach sa dá thúr, na "Twin Towers", a bhí ag an Ionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac agus i bhfoirgneamh an Pentagon i gcathair Washington. Fuair beagnach 3,000 duine bás. Thug tíortha an Aontais Eorpaigh tacaíocht dhaingean do na Stáit Aontaithe sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta.

1 Eanáir 2002 – Seoladh nótaí agus boinn euro i 12 Bhallstát

Tugadh isteach nótaí agus boinn euro mar airgeadra dlíthiúil i 12 Bhallstát (tháinig an Ghréig isteach sa limistéar euro in 2001, agus tháinig tuilleadh in 2002). Bhí obair mhór i gceist lena eagrú go ndéanfaí iad a chur i gcló, a bhualadh agus a dháileadh. Is ionann na nótaí i ngach tír. Tá taobh caighdeánach amháin ar na boinn agus tá siombail náisiúnta ar an taobh eile.

31 Márta 2003 – Oibríochtaí síochánaíochta sna Balcáin

Mar chuid dá bheartas eachtrach agus slándála ghlac an tAontas Eorpach oibríochtaí síochánaíochta air féin sna Balcáin, i bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ar dtús (an Mhacadóin Thuaidh mar a thugtar uirthi anois) agus i mBoisnia agus sa Heirseagaivéin ina dhiaidh sin. Tháinig fórsaí an Aontais Eorpaigh in ionad aonaid de chuid NATO (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh) sa dá chás.

1 Bealtaine 2004 – 10 dtír nua

Nuair a tháinig an Chipir agus Málta isteach san Aontas i dteannta 8 dtír ó Lár agus Oirthear na hEorpa — an Eastóin,, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Ungáir — is ansin a cuireadh deireadh, faoi dheireadh thiar thall, leis an deighilt a bhí san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.

29 Bealtaine-1 Meitheamh 2005 – Bunreacht an Aontais Eorpaigh

Dhiúltaigh vótálaithe sa Fhrainc agus san Ísiltír don Chonradh lena mbunófaí bunreacht don Eoraip, conradh a shínigh na 25 Bhallstát i mí Dheireadh Fómhair 2004.

1 Eanáir 2007 – D’fháiltigh an tAontas Eorpach roimh an mBulgáir agus roimh an Rómáin

Tháinig dhá thír eile, atá in Oirthear na hEorpa, isteach san Aontas Eorpach – an Bhulgáir agus an Rómáin – rud a d'fhág go raibh 27 mBallstát san Aontas Eorpach faoin am sin.

13 Nollaig 2007 – Conradh Liospóin

Shínigh 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh Conradh Liospóin, lenar leasaíodh na conarthaí a tugadh isteach roimhe sin. Is é is aidhm do Chonradh Liospóin an tAontas a dhéanamh níos daonlathaí, níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí, agus dá bharr sin é a chur ar a chumas dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, cuir i gcás an t-athrú aeráide, ceisteanna slándála agus an fhorbairt inbhuanaithe. Dhaingnigh Ballstáit uile an Aontais an Conradh sular tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Meán Fómhair 2008 – Géarchéim eacnamaíoch dhomhanda

Bhuail géarchéim mhór airgeadais geilleagar an domhain. Ba iad iasachtaí morgáiste sna Stáit Aontaithe ba chúis leis na deacrachtaí. Bhí fadhbanna ag roinnt bainc Eorpacha freisin. Mar gheall ar an ngéarchéim cothaíodh comhar eacnamaíoch ní ba dhlúithe idir Ballstáit.