Sna Balcáin, bhí an Iúgslaiv ag scoilt. Tugadh faoi throid sa Chróit ar dtús, ansin sa Bhoisnia agus Heirseagaivéin, áit go raibh na Seirbiaigh, na Crótaigh agus na Moslamaigh ag déanamh áir ar a chéile.
7 Feabhra 1992
Síníodh an an Conradh ar an Aontas Eorpach i Maastricht. Cloch mhíle thábhachtach i stair an AE é seo lena leagtar síos rialacha soiléire don am atá le teacht maidir leis an airgeadra aonair chomh maith leis an mbeartas eachtrach agus slándála agus comhar níos dlúithe i ngnóthaí ceartais agus gnóthaí baile. Faoin gconradh seo glactar leis an ainm ‘Aontas Eorpach’ in ionad ‘Comhphobal Eorpach’.
1 Eanáir 1993
Bunaítear an margadh aonair agus na ceithre shaoirse a ghabhann leis: saoraistriú earraí, seirbhísí, daoine agus airgid, rud atá fíor anois. Comhaontaíodh breis is 200 dlí ó 1986 ar aghaidh a phléann le beartas cánach, le rialacháin ghnó, le cáilíochtaí gairmiúla agus le bacainní eile a chuireann isteach ar theorainneacha oscailte. Moillítear saoraistriú roinnt seirbhísí.
1 Eanáir 1995
Téann an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san AE. Clúdaíonn an 15 bhallstát Iarthar na hEorpa ar fad, nach mór. I mí Dheireadh Fómhair na bliana 1990 aontaíodh an Ghearmáin agus dá thoradh sin rinneadh cuid den AE d’Oirthear na Gearmáine.
Ballstáit: An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg, Lucsamburg, an Danmhairg, Éire, an Ríocht Aontaithe, an Ghréig, an Spáinn agus an Phortaingéil.
Ballstáit nua: An Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn.

26 Márta 1995
Tháinig feidhm le Comhaontú Schengen i seacht dtír – an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Phortaingéil. Is féidir le taistealaithe de náisiúntacht ar bith taisteal ó cheann ar bith de na tíortha seo go ceann ar bith de na tíortha eile gan scrúdú pas ag na teorainneacha. Tháinig tíortha eile isteach i limistéar Schengen ó shin ar aghaidh, limistéar nach bhfuil aon ghá le pasanna ann.
17 Meitheamh 1997
Sínítear Conradh Amsterdam. Tá an conradh seo bunaithe ar an méid a baineadh amach le conradh Maastricht agus pleananna á socrú aige chun institiúidí de chuid an AE a athchóiriú, chun guth níos láidre a thabhairt don Eoraip sa domhan agus chun tuilleadh acmhainní a dhíriú ar fhostaíocht agus ar chearta saoránach .
13 Nollaig 1997
Chomhaontaíonn ceannairí an AE tabhairt faoin bpróiseas idirbheartaíochta faoi bhallraíocht 10 gcinn de thíortha i lár agus in oirthear na hEorpa: An Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. Cuirtear na hoileáin Mheánmhara, an Chipir agus Malta san áireamh chomh maith. Sa bhliain 2000 réitíonn athruithe ar an gConradh a comhaontaíodh i Nice an bealach le haghaidh méadaithe trí leasú ar rialacha vótála an AE.
Sa bhliain 1996 éiríonn le heolaithe san Albain caora a chlónáil d’aon chill amháin ó chaora bhaineann sé bliana d’aois. Gníomh ceannródaíoch san innealtóireacht ghéiniteach ab ea é seo. Is cóip chomhionann í ‘Dolly’ dá ‘tuismitheoir’.
1 Eanáir 1999
Tugtar an euro isteach i 11 thír (tháinig an Ghréig isteach leo siúd sa bhliain 2001) le haghaidh idirbhearta tráchtála agus airgeadais amháin. Tabharfar nótaí agus boinn isteach níos déanaí. Is iad seo a leanas na tíortha ina bhfuil an euro in úsáid: An Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn. Cinneann an Danmhairg, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe gan glacadh leis an euro go fóill.
