I samhradh na bliana 1980 téann oibrithe longchlóis Gdansk ar stailc faoi cheannaireacht Lech Walesa chun níos mó ceart a bhaint amach. Leanann stailceanna eile é ar fud na tíre. I mí Lúnasa géilleann an rialtas agus cruthaítear Solidarność mar cheardchumann neamhspleách. Athdhearbhaíonn an rialtas a chumhacht de réir a chéile agus forchuireann sé dlí airm i mí na Nollag. Leis seo cuirtear deireadh leis an tréimhse ghairid ina raibh cumhacht ag an bpobal sa Pholainn. Cuireadh na síolta áfach le haghaidh tréimhse a bhí le teacht níos déanaí.
1 Eanáir 1981
Tagann uimhir dhúbailte ar líon bhallstáit an AE nuair a théann an Ghréig isteach ann. Bhí sí incháilithe chun dul isteach san AE ó treascraíodh a riailréim mhíleata agus ó athbhunaíodh an daonlathas sa bhliain 1974.
Ballstáit: An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg, Lucsamburg, an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe.
Ballstát nua: An Ghréig.

28 Feabhra 1984
Tá athrú ag teacht ar ár slite maireachtála agus oibre de bharr ríomhairí agus uathoibrithe. Chun fanacht chun tosaigh i gcúrsaí nuálaíochta glacann an AE leis an gclár ‘Esprit’ sa bhliain 1984. Ba é seo an chéad chlár de mhórán clár taighde agus forbartha a fuair maoiniú ón AE ó shin ar aghaidh.
Mire nua is ea léimneach bhuinsí. Baineann sé an anáil de thuismitheoirí ach is aoibhinn leis an lucht óg a bheith ag léim síos ó bhall ard ar cheann téide leaisteach a stopann an titim agus a tharraingíonn aníos iad sula mbuaileann siad an talamh.
1 Eanáir 1986
Téann an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san AE. Tugann sé seo líon na mballstát go 12.
Ballstáit: An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg, Lucsamburg, an Danmhairg, Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Ghréig.
Ballstáit nua: An Spáinn agus an Phortaingéil.

17 Feabhra 1986
Cé gur cuireadh deireadh le dleachtanna custaim sa bhliain 1968 níl an trádáil á déanamh go saoráideach trasna theorainneacha an AE. Is iad na príomhbhacainní ná na difríochtaí idir rialacháin náisiúnta. Cuireann an Ionstraim Eorpach Aonair de 1986 tús le mórchlár sé bliana chun na difríochtaí seo a réiteach. Ina theannta sin tugann an Ionstraim seo tuilleadh cead cainte do Pharlaimint na hEorpa agus cuireann sí le cumhachtaí an AE i dtaobh chosaint an chomhshaoil.
15 Meitheamh 1987
Seolann an AE an Clár ‘Erasmus’ chun mic léinn ollscoile a chistiú ar mhian leo staidéar a dhéanamh ar feadh tréimhse bliana amháin ar a mhéid i dtír Eorpach eile. Bhain breis is 2 mhilliún duine óg tairbhe as an scéim seo agus as scéimeanna AE dá leithéid.
Seasann titim Bhalla Bheirlín sa bhliain 1989 do thurnamh an chumannachais ar fud lár agus oirthear na hEorpa. Thosaigh an turnamh sa Pholainn agus san Ungáir. Agus é ag tabhairt aghaidhe ar na sluaite a bhí ag brú siar osclaíonn rialtas na Gearmáine Thoir doirse na tire. Aontaítear an Ghearmáin i ndiaidh 40 bliana agus téann an chuid thoir di isteach san AE (Deireadh Fómhair 1990).
