Cosán nascleanúna
Téann an Bheilg i gceann Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach.
Toghtar Pieter Dankert ina uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa.
Déantar toghcháin reachtacha in Éirinn.
I reifreann comhairleach, roghnaíonn an Ghraonlainn, a tháinig chun bheith ina bhall den Chomhphobal Eorpach mar chuid den Danmhairg, aistarraingt ón gComhphobal.
Síníonn an Bheilís an dara Coinbhinsiún i Lomé.
Comóradh fiche cúig bliana ó síníodh Conradh an Róimhe.
Tionóltar Comhairle Eorpach i mBruiséil na Beilge.
Tagann an Spáinn chun bheith ar an séú ball déag d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT).
Tionóltar Cruinniú Mullaigh Eacnamaíoch an Iarthair i Versailles na Fraince.
Tionóltar Comhairle Eorpach i mBruiséil na Beilge.
Téann an Danmhairg i gceann Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach.
Síníonn Antigua agus Barbúda an dara Coinbhinsiún i Lomé.
Déantar toghcháin reachtacha san Ísiltír.
Ceiliúrann an Pharlaimint comóradh 30 bliain chéad thionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC).
Tagann an creat-chomhaontú ar chomhar idir an Comhphobal agus an Bhrasaíl i bhfeidhm.
Déantar toghcháin reachtacha sa Spáinn.
Déantar toghcháin reachtacha in Éirinn.
Tionóltar Comhairle Eorpach i gCóbanhávan na Danmhairge. Leagann sí amach roinnt cuspóirí tosaíochta sna réimsí eacnamaíocha agus sóisialta agus deimhníonn sí a tiomantas polaitiúil i leith an mhéadaithe.