Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair an Aontais Eorpaigh 1980-89

Athrú mór ar dhreach na hEorpa – titim an chumannachais

Bhí ‘Solidarność’, ceardchumann Polannach, agus Lech Walesa, a bhí i gceannas air, go mór i mbéal an phobail mar gheall ar na stailceanna ar son cearta oibrithe agus athrú polaitíochta i longchlós Gdańsk i samhradh na bliana 1980. In 1981 ba í an Ghréig an 10ú tír a tháinig isteach sna Comhphobail Eorpacha, agus tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach 5 bliana ina diaidh. Ag deireadh na 1980idí chlis na réimis chumannacha i Lár agus in Oirthear na hEorpa.

Lúnasa 1980 – Stailceanna longchlóis ar son cearta oibrithe

Faoi stiúir Lech Walesa, chuaigh oibrithe longchlóis in Gdańsk na Polainne i mbun stailce ar son tuilleadh cearta. Bhí stailceanna eile ann ar fud na tíre ina dhiaidh sin. Ghéill an rialtas agus rinneadh ceardchumann neamhspleách de Solidarność i mí Mheán Fómhair. De réir a chéile, d’éirigh leis an rialtas a chumhacht a athdhearbhú agus thug sé dlí míleata isteach i mí na Nollag 1981, agus cé gur sin deireadh le cumhacht na ndaoine sa Pholainn go fóill, bhí an bealach réitithe.

1 Eanáir 1981 – Ba í an Ghréig an 10ú tír a tháinig isteach

Tháinig an Ghréig isteach sna Comhphobail Eorpacha. Bhí an tír sin incháilithe do bhallraíocht ó cloíodh an réimeas míleata in 1974, tráth ar athbhunaíodh an daonlathas ann.

28 Feabhra 1984 – An chéad chlár taighde Eorpach

Bhí ríomhairí agus teicneolaíocht ag dul i bhfeidhm ar an gcaoi a mbímid ag maireachtáil agus ag obair. Sheol an tAontas Eorpach an clár ‘Esprit’ in 1984, an chéad cheann den iliomad clár taighde agus nuálaíochta a cuireadh i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach, chun go bhfanfadh an tAontas ar thús cadhnaíochta ó thaobh na nuálaíochta de.

1 Eanáir 1986 – Dhá bhallstát nua – an Spáinn agus an Phortaingéil

Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach sna Comhphobail Eorpacha, rud a d’fhág go raibh 12 Bhallstát iontu.

Feabhra 1986 – I dtreo margadh aonair

Cé gur cuireadh deireadh le dleachtanna custaim in 1968, ní raibh saoirse iomlán trádála ann thar theorainneacha na mballstát. Ba iad na constaicí ba mhó na difríochtaí idir na rialacháin náisiúnta. Leis an Ionstraim Eorpach Aonair seoladh clár fairsing 6 bliana chun na constaicí sin a shárú agus dá réir sin margadh aonair a chur ar bun. Leis an ionstraim sin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 1987, tugadh níos mó tionchair do Pharlaimint na hEorpa agus neartaíodh cumhachtaí na gComhphobal Eorpach maidir le cosaint an chomhshaoil.

13 Meitheamh 1987 – Seoladh Chlár Erasmus

Seoladh clár Erasmus chun tacú le mic léinn ollscoile a raibh fonn orthu seal a chaitheamh ag staidéar i mBallstát eile. Ó shin i leith, tá níos mó ná 10 milliún duine tar éis an deis a fháil dul i mbun staidéir nó oiliúna, obair dheonach a dhéanamh nó taithí oibre a fháil thar lear, a bhuí leis an gclár.

9 Samhain 1989 – Titim Bhalla Bheirlín

Thit Balla Bheirlín agus osclaíodh an teorainn idir an Ghearmáin Thoir agus an Ghearmáin Thiar den chéad uair le 28 mbliana. Aontaíodh an Ghearmáin tar éis breis is 40 bliain, agus tháinig oirthear na tíre isteach sna Comhphobail Eorpacha i mí Dheireadh Fómhair 1990