1970 | 1971 | 1972 | 1973 | 1974 | 1975 | 1976 | 1977 | 1978 | 1979

1974

Eanáir

1

Téann an Ghearmáin i gceann Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach. Tagann comhaontuithe idir an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) agus an Ostair, an Phortaingéil, an Eilvéis agus an tSualainn i bhfeidhm. Tagann comhaontú saorthrádála tionscail na Fionlainne leis na Comhphobail i bhfeidhm.

31

Labhraíonn an Coimisiún leis na cinn rialtais i ndearbhú faoi staid an Chomhphobail. Cuireann an dearbhú i bhfios go láidir nach mór an Eoraip a chur i ngníomh arís trí bheartais náisiúnta a chur i gcomhréir lena chéile níos mó agus trí chomhbheartais a oibriú amach. Sonraíonn an Pharlaimint nach mbeifear in ann aontacht na hEorpa a bhaint amach ach má tá institiúidí an Chomhphobail in ann beartas a shaothrú a bheidh bunaithe ar dhlúthpháirtíocht cheart san Eoraip.

Feabhra

11-12

Aithníonn an Chomhairle go foirmiúil ceart an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta (CES) tuairimí a eisiúint as a stuaim féin agus a chuid tuairimí féin a fhoilsiú.

Aibreán

1

Tar éis athrú rialtais sa Ríocht Aontaithe, tugann státrúnaí gnóthaí eachtracha agus gnóthaí Comhlathais na Breataine ráiteas don Chomhairle faoi bheartas an rialtais nua i leith an Chomhphobail. Iarrann sé athruithe móra ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) “modhanna níos cothroime chun buiséad an Chomhphobail a mhaoiniú” agus réitigh ar na fadhbanna airgeadaíochta.

2

Cuirtear comhdhearbhú faoi staid an Chomhphobail faoi bhráid na Comhairle. Aithníonn uachtaráin na Comhairle agus an Choimisiúin nach mór an próiseas cinnteoireachta a fheabhsú má táthar chun aon dul chun cinn a dhéanamh maidir le hábhair shubstainteacha agus má táthar chun bheith cinnte go n-éireoidh leis an gComhphobal go fadtéarmach. Déanann siad roinnt moltaí praiticiúla freisin.

Bealtaine

29-30

Cruinniú Chomhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Leagann Sir Christopher Soames, leas-uachtarán an Choimisiúin, béim ar an ngá le comhar idirnáisiúnta a neartú agus le leanúint ar aghaidh ag obair i dtreo léirscaoileadh trádála domhanda a shíneadh. Glacann Comhairle an ECFE dearbhú a chuireann i bhfios go láidir go bhfuil deacrachtaí móra eacnamaíochta ag na balltíortha, go háirithe na deacrachtaí siúd a bhaineann le heasnaimh sna híocaíochtaí idirnáisiúnta.

Meitheamh

4

Déanann an Chomhairle machnamh ar na nósanna imeachta ar cheart di a ghlacadh chun scrúdú a dhéanamh ar na fadhbanna a d’ardaigh an Ríocht Aontaithe agus pléann sí an chaoi a n-oibríonn institiúidí an Chomhphobail. Tagtar ar chomhaontú maidir leis na feabhsúcháin a dhéanfar sa phróiseas cinnteoireachta.

10

Glacann an Chomhairle dhá chinneadh maidir le cúnamh a dheonú ó Chiste Sóisialta na hEorpa i leith beart sonrach áirithe thar ceann daoine faoi mhíchumas agus oibrithe imirceacha.

21

Rialú maidir le Reyners. Cinneann Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach cibé uair ar mian le náisiúnach as Ballstát gnó a bhunú i dtír AE eile, go gceanglaítear ar an tír aíochta staonadh ó aon dlí, rialachán nó foráil nó cleachtas riaracháin a chur i bhfeidhm a d’fhéadfadh idirdhealú a dhéanamh ina choinne i gcomparáid lena cuid náisiúnach féin.

Iúil

1

Téann an Fhrainc i gceann Uachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

15

Cuireann Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach páipéar faoin AE chuig institiúidí eile an Chomhphobail. Is í an chéad institiúid a fhreagraíonn don chuireadh a tugadh ag an gcruinniú mullaigh i bPáras na Fraince sa bhliain 1972.

25-26

Reáchtáiltear comhdháil chomhpháirteach aireachta idir an AE agus an ACC (Stáit san Afraic, sa Mhuir Charaib agus san Aigéan Ciúin) in Kingston, Iamáice. Leagann sí béim ar rún polaitiúil na stát ACC agus an Chomhphobail chun an coinbhinsiún a ghlacadh laistigh de na teorannacha ama atá forchurtha ag dul in éag Choinbhinsiún Yaoundé agus chomhaontú Arusha. Sa bhreis air sin, aontaítear ar threoirlínte polaitiúla a dhéanann tuilleadh dul chun cinn maidir le roinnt pointí.

Meán Fómhair

17

Faomhann an Chomhairle go foirmiúil treoracha chun comhaontuithe cuimsitheacha a idirbheartú leis an Spáinn, le hIosrael, leis an Ailgéir, le Maracó agus leis an Túinéis agus chun an comhaontú reatha le Málta a leathnú chun comhar agus talmhaíocht a chlúdach.

Samhain

14-16

Reáchtáiltear Comhdháil Bia Domhanda sa Róimh, an Iodáil. Agus é ag cuimhneamh ar an ngéarchéim mhór bia a bhfuil go leor tíortha forbraíochta ag tabhairt aghaidhe uirthi, neartaíonn an Comhphobal a chuid iarrachtaí i réimse na cabhrach bia agus glacann sé páirt sa chomhdháil ag cabhrú le réiteach meántéarmach nó fadtéarmach a fháil ar an bhfadhb maidir le soláthar bia.

26

Cinneann an Chomhairle leasú a dhéanamh ar fhorálacha an Chonartha a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus é mar aidhm feabhas a chur ar nósanna imeachta na Cúirte chun a chur ar a cumas déileáil le hualach oibre níos mó. Cinntítear go bhféadfaidh an Chúirt iarratais áirithe ar réamhrialuithe a bhaineann le cúrsaí teicniúla, nó a bhfuil corp cásdlí bunaithe ann lena n-aghaidh cheana féin, a shannadh dá Dlísheomra ar choinníoll nach gcuireann aon Bhallstát ina choinne agus nach n-iarrann aon institiúid go n-éistfeadh an Chúirt iomlán leis an gcás.

30

Daingníonn gach Ballstát den Chomhphobal na comhaontuithe idir an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Iorua agus an Fhionlainn. Tiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ar 1 Eanáir, 1975.

Nollaig

3

Tagann an Chomhairle ar chomhaontú faoi ábhar Dréachtchonartha maidir le cumhachtaí buiséadacha na Parlaiminte agus maidir le Cúirt Iniúchóirí a bhunú. Rialú Binsbergen. Rialaíonn Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach go bhféadfar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar faoi dhlí an Chomhphobail a ghairm go díreach roimh chúirteanna náisiúnta, áit a bhfuil sé mar aidhm ag an bhforáil deireadh a chur le hidirdhealú i gcoinne an soláthraí seirbhíse ar bhunús a náisiúntachta nó cónaí a bheith air/uirthi i mBallstát eile seachas an Ballstát a bhfuil na seirbhísí á soláthar ann.

9-10

Reáchtáiltear cruinniú mullaigh i bPáras na Fraince. Cinneann cinn stáit nó rialtais an AE cruinnithe a reáchtáil trí huaire sa bhliain mar an gComhairle Eorpach, tugann siad faomhadh maidir le toghcháin dhíreacha do Pharlaimint na hEorpa, aontaíonn siad Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a bhunú agus beartaíonn siad aontas eacnamaíochta agus airgeadaíochta a bhunú. Iarrann siad freisin ar an tUasal Tindemans, príomh-aire na Beilge, tuarascáil achoimre faoin AE a chur ar fáil faoi dheireadh na bliana 1975.

19

Cinneann ionadaithe ó rialtais na mballtíortha an téarma oifige d’uachtarán an Choimisiúin, an tUasal François-Xavier Ortoli, a shíneadh go dtí 5 Eanáir, 1977.

 Féach freisin

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?