Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair an Aontais Eorpaigh 1960-69

Na ‘Seascaidí Saorálacha’ – tréimhse fáis eacnamaíoch

Ba thréimhse mhaith don gheilleagar í na 1960idí, agus ceann de na cúiseanna a raibh sin amhlaidh gur chuir tíortha CEE deireadh le bheith ag gearradh dleachtanna custaim ar a chéile. D’aontaigh siad freisin táirgeadh bia a rialú go comhpháirteach, ionas go mbeadh go leor le hithe ag gach duine. Tógadh círéibeacha mac léinn i bPáras i mí na Bealtaine 1968, agus is iomaí athrú ar an tsochaí agus ar iompar daoine a shamhlaítear le 'glúin 68', mar a thugtar uirthi.

3 Bealtaine 1960 – Bunaíodh Comhlachas Saorthrádála na hEorpa

Cuireadh Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar bun chun saorthrádáil agus lánpháirtíocht eacnamaíoch a chur chun cinn idir tíortha áirithe nach raibh sa CEE: an Ostair, an Danmhairg, an Iorua, an Phortaingéil, an tSualainn, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe. Faoi 2020, ba iad an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis baill an CSTE.

Lúnasa 1961 – Tógadh Balla Bheirlín

Rinne rialtas cumannach na Gearmáine Thoir balla a thógáil trí lár Bheirlín, á roinnt ina dhá leath. Ba shiombail é den deighilt idir Oirthear agus Iarthar na hEorpa le linn an Chogaidh Fhuair.

30 Iúil 1962 – An chéad Chomhbheartas Talmhaíochta

Leis an gcéad chomhbheartas talmhaíochta tugadh comhrialú ar tháirgeadh bia do thíortha an CEE. Bhí go leor bia ann do gach duine agus shaothraigh feirmeoirí airgead maith. Ba fhothoradh nach rabhthas ag dréim leis an rótháirgeacht, agus bhí barrachas suntasach táirgí bia ann. Sna 1990idí rinneadh tosaíocht de bharrachais a chiorrú, de cháilíocht bia a ardú, agus den inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus tá sin amhlaidh fós.

20 Iúil 1963 – Shínigh an CEE an chéad mhór-chomhaontú idirnáisiúnta dá chuid

Shínigh na sé Bhallstát Coinbhinsiún Yaoundé chun comhar agus trádáil a chur chun cinn idir iad agus 18 n-iarchóilíneacht san Afraic. Tá caidreamh speisialta den chineál sin ag an Aontas le 79 dtír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin sa lá atá inniu ann agus tá an tAontas ag obair i dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis an Afraic chun dul i ngleic le fadhbanna is coiteann don dá mhór-roinn.

8 Aibreán 1965 – Tráth ar síníodh an ‘Conradh Cumaisc’

An Conradh lena ndearnadh cumasc idir feidhmeannaigh na dtrí Chomhphobal (an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Euratom), síníodh é sa Bhruiséil agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1967. Bheadh aon ghéag riaracháin amháin (an Coimisiún) agus aon fheidhmeannach amháin (an Chomhairle) ag na Comhphobail Eorpacha feasta.

Bealtaine 1968 – Thóg mic léinn círéibeacha i bPáras

Nuair a thóg mic léinn agus oibrithe círéib sa Fhrainc, baineadh creathadh as bunsraith an stáit féin. D’eagraigh mic léinn agóidí i dtíortha eile san Eoraip, ach ní raibh siad chomh tromchúiseach céanna le círéibeacha na Fraince. Léirigh na hagóidí sin an frustrachas a bhí ar dhaoine le rialtais agus a mhíshásta a bhí siad faoin gcogadh i Vítneam agus faoi rás na n-arm núicléach.

1 Iúil 1968 – tús an Aontais Custaim

Chuir 6 bhallstát an CEE deireadh le dleachtanna custaim ar easpórtálacha a chéile, rud a d’fhág go raibh siad in ann trádáil trasteorann saor ó bhac a dhéanamh den chéad uair. Ina theannta sin, chuir siad go léir na dleachtanna céanna i bhfeidhm ar na hearraí a bhí á n-iompórtáil acu ó thíortha eile. Tháinig borradh mór faoin trádáil idir na sé thír sin, agus leis an gcuid eile den domhan.

Lúnasa 1968 – Cuireadh Earrach Phrág faoi chois

Chuir tancanna Sóivéadacha ‘Earrach Phrág’ faoi chois. Níorbh fhada a mhair an iarracht sin ar an daonlathas sa tSeicslóvaic.