Cosán nascleanúna
Deireann Ginearál de Gaulle, uachtarán Phoblacht na Fraince, go bhfuil an Fhrainc amhrasach faoi thoil pholaitiúil na Ríochta Aontaithe dul isteach sa Chomphobal. Cúpla lá ina dhiaidh sin, cuirtear idirbheartaíochtaí leis na tíortha is iarrthóirí ar fad ar ceal.
Rialú Van Gend en Loos Sonraíonn Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach gur ordú nua dlí atá sa Chomhphobal. Tá toiliú tugtha ag na Ballstáit srian a chur lena gcuid gceart ardcheannasach ar mhaithe leis an ordú nua dlí seo.
Atoghtar an tUasal Gaetano Martino ina uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa.
Oscailt oifigiúil idirbheartaíochtaí trádála CGTT (babhta Kennedy).
De bhun an chinnidh chun bunú an aontais chustaim a bhrostú, cuirtear i bhfeidhm an séú laghdú laistigh den chomhphobal ar dhleachtanna custaim agus an dara ailíniú ar an gcomhtharaif sheachtrach.
Sínítear an Coinbhinsiún Yaoundé, comhaontú comhlachais a bheadh bailí ar feadh cúig bliana, i Yaoundé Chamarún, idir an Comhphobal agus 18 stát san Afraic.
Bás Robert Schuman.
Tagann an Chomhairle ar chomhaontú i bprionsabal maidir leis an gceist faoi chumasc na bhfeidhmeannas.
Toghtar an tUasal Dino del Bo ina uachtarán ar Ard-Údarás an CEGC.