Cosán nascleanúna
Tionóltar cruinniú mullaigh i bPáras na Fraince toisc é a bheith riachtanach comhoibriú fónta polaitiúil a bhunú.
Atoghtar an tUasal Furler mar uachtarán ar an Tionól Parlaiminteach.
Ghlac rialtas na hÍsiltíre air féin dréachtpháipéar a chur isteach ag tacú le hathbhreithniú Chonradh na Róimhe agus Chonradh Pháras trí choinbhinsiún a bhunódh Comhairle amháin do na Comhphobail agus an tArd-Choimisiún Eorpach (comhcheangal na bhfeidhmeannas). Téitear i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an dá Choimisiún maidir leis an dréacht seo. Ní théitear ar aghaidh le cumasc na bhfeidhmeannas ag an bpointe sin mar gheall ar dhifríochtaí idir Bhallstáit maidir le raon an athchóirithe.
Tionóladh cruinniú mullaigh Eorpach i mBonn na Gearmáine. Léiríonn an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír gur mian leo aontas polaitiúil a bhunú.
Déanann Éire iarratas foirmiúil ar dhul isteach sna Comhphobail Eorpacha.
Déanann an Ríocht Aontaithe iarratas foirmiúil ar dhul isteach sna Comhphobail Eorpacha.
Déanann an Danmhairg iarratas foirmiúil ar dhul isteach sna Comhphobail Eorpacha..
Tagann an chéad rialachán maidir le saorghluaiseacht oibrithe i bhfeidhm.
Tionóltar comhagallamh idir institiúidí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i Strasbourg na Fraince. I measc na n-ábhar a phléitear, tá an t-athrú ón gcéad chéim go dtí an dara céim den chómhargadh agus an comhlachas le tíortha thar lear.
Atoghtar an tUasal Walter Hallstein ina uachtarán ar Choimisiún Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.