You are here:

Stair an Aontais Eorpaigh: 1945 - 1959

1946 | 1947 | 1948 | 1949 | 1950 | 1951 | 1952 | 1953 | 1954 | 1955 | 1956 | 1957 | 1958 | 1959

An Eoraip faoi shíocháin – tús le comhar

Bunaítear an tAontas Eorpach chun deireadh a chur leis na cogaí fuilteacha idir chomharsana, ar thráthanna chomhghearr i ndiaidh a chéile, a chríochnaigh leis an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1950, tosaíonn an Comhphobal Eorpach do Ghual agus do Chruach ag aontú tíortha Eorpacha ó thaobh a gcuid geilleagar agus córas polaitiúil de, d'fhonn síocháin bhuan a bhaint amach. Is iad an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír na sé thír bhunaitheora. Is é an cogadh fuar idir an oirthear agus an iarthar an díol suntais is mó sna 1950í. Cuirtear agóidí san Ungáir in aghaidh réimeas na gCumannach faoi chois ag tancanna Sóivéadacha sa bhliain 1956; agus an bhliain dár gcionn, 1957, téann an tAontas Sóivéadach chun tosaigh sa spásrás, nuair a lainseálann sé an chéad satailít spáis de dhéantús an duine, Sputnik 1. An bhliain chéanna, cruthaíonn Conradh na Róimhe Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) nó 'An Cómhargadh’.

Tá bunús stairiúil an Aontais Eorpaigh sa Dara Chogadh Domhanda. Tá muintir na hEorpa meáite ar deimhin a dhéanamh de nach dtarlóidh marú agus léirscrios dá leithéid arís choíche. Go luath i ndiaidh an chogaidh scoiltear an Eoraip: déantar Taobh Thoir agus Taobh Thiar di agus an Cogadh Fuar a mhair ar feadh 40 bliain á thosú. Cruthaíonn náisiúin Iarthar na hEorpa Comhairle na hEorpa Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo.   Deutsch (de) English (en) français (fr) italiano (it) sa bhliain 1949. An chéad chéim i dtreo an chomhair a bhí ann eatarthu, ach teastaíonn ó sé náisiún tuilleadh a dhéanamh.

9 Bealtaine 1950 - cuireann Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, plean le haghaidh comhair níos leithne i láthair. Mar thoradh air seo ceiliúrtar 'Lá na hEorpa' an 9 Bealtaine gach bliain.

18 Aibreán 1951

Bunaithe ar phlean Schuman, síníonn sé thír conradh chun a gcuid tionscal trom - gual agus cruach - a reáchtáil faoi chomhbhainistíocht. Ar an gcuma seo ní féidir le tír ar bith a cuid arm cogaidh féin a dhéanamh agus ionsaí a thabhairt faoi thír eile amhail mar a fhéad sí san am atá thart. Is iad an sé thír ná an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg.

Na Ballstáit bhunaitheacha Na Ballstáit bhunaitheacha: An Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg.

Map – member states of the EU 1951 © Stefan Chabluk

Liosta na mballstát uile san AE agus an dáta a tháinig siad isteach

Bunaíonn an t-ailtire Eilvéiseach Le Corbusier treocht nua nuair a osclaítear a ‘cathair ingearach’ (Unité d’habitation) féinchuimsitheach i Marseilles na Fraince. Spreagann dealramh lom an choimpléisc coincréite sin an leasainm ‘An brúidiúlachas nua’.

San Ungáir sa bhliain 1956, éiríonn daoine i gcoinne na riailréime a bhfuil á tacú ag an Aontas Sóivéadach. I mí na Samhna feictear tancanna Sóivéadacha ar shráideanna Bhúdaipeist chun deireadh a chur leis na hagóidí.

Faigheann an tAontas Sóivéadach an ceann is fearr ar na Stáit Aontaithe sa rás spáis tríd an chéad satailít de dhéantús an duine a lainseáil sa bhliain 1957, is é sin, Sputnik 1. Téann Sputnik 1 mórthimpeall an domhain ar chúrsa ar airde 800 ciliméadar. Sa bhliain 1961 tá an bua ag an Aontas Sóivéadach arís leis an spásaire Yuri Gagarin, nach raibh an t-árthach spáis aige ach 2.6m ar trastomhas.

25 Márta 1957

Agus rath an Chonartha do Ghual agus Cruach á chothú acu, méadaíonn an sé thír a gcomhar chuig earnálacha eacnamaíochta eile. Síníonn siad Conradh na Róimhe, ag cruthú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa nó an chómhargaidh ’. Is é atá i gceist ná go bhféadfadh daoine, earraí agus seirbhísí aistriú go saoráideach trasna teorainneacha.

1946 | 1947 | 1948 | 1949 | 1950 | 1951 | 1952 | 1953 | 1954 | 1955 | 1956 | 1957 | 1958 | 1959