Cosán nascleanúna

Robert Schuman (1886-1963)

Meastar go bhfuil an polaiteoir Robert Schuman ar cheann de phríomhbhunaitheoirí a bhain aontas amach san Eoraip, fear a bhí cáilithe mar dhlíodóir agus a bhí ina aire gnóthaí eachtracha na Fraince idir na blianta 1948 agus 1952.

Tháinig sé ó Alsace, réigiún atá ar theorainn na Fraince-Gearmáine, agus in ainneoin an taithí a bhí aige ar Ghearmáin na Naitsithe, nó mar thoradh ar an taithí sin b’fhéidir, d’aithin sé nach bhféadfaí Eoraip aontaithe a bhaint amach ach amháin trí athmhuintearas marthanach leis an nGearmáin. Cuireadh an ruaig air as an nGearmáin sa bhliain 1940, agus ghlac sé páirt i bhFrithbheartaíocht na Fraince tar éis dó teitheadh dhá bhliain ina dhiaidh sin. In ainneoin é seo ní raibh aon doicheall air: rinneadh aire gnóthaí eachtracha de tar éis an chogaidh.

Chuir sé Plean Schuman i dtoll a chéile i gcomhar le Jean Monnet, plean cáiliúil idirnáisiúnta a foilsíodh an 9 Bealtaine 1950, an dáta a mheastar anois a bunaíodh an tAontas Eorpach. Mhol sé go ndéanfaí comhrialú ar tháirgeadh guail agus cruach, an dá ábhar is tábhachtaí san earnáil armála. Ba é an bunsmaoineamh a bhí taobh thiar de seo ná nach mbeadh pé dream nach raibh smacht acu ar tháirgeadh guail agus cruach ábalta dul i mbun cogaidh.

Chuir Schuman scéal faoin bplean chuig seansailéir na Gearmáine Adenauer; thuig sé láithreach an deis a bhí ann síocháin a bhaint amach san Eoraip agus d’aontaigh sé. Go gairid ina dhiaidh sin, d’fhreagair rialtais na hIodáile, na Beilge, Lucsamburg agus na hÍsiltíre freisin. Chuir an sé stát lámh leis an gcomhaontú don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach i bPáras in Aibreán 1951. Sa tslí seo, thosaigh an Eoraip amach mar thionscnamh síochána.

Ina theannta sin, thacaigh Schuman le comhbheartas cosanta Eorpach, agus bhí sé ina uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ó 1958-60.

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?