Cosán nascleanúna

Konrad Adenauer (1876-1967)

Thar aon duine eile d’athraigh Céad-Seansailéir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, a bhí ina cheannaire ar an stáit nuachruthaithe idir 1949-63, íomhá stair iarchogaidh na Gearmáine agus na hEorpa.

Cosúil le go leor polaiteoirí ag an am sin, thuig Adenauer cheana féin nach bhféadfaí síocháin mharthanach a bhaint amach tar éis an Chéad Chogadh Domhanda ach trí Eoraip aontaithe. Cuireadh fírinne leis an scéal seo tríd an taithí a bhí aige sa Tríú Reich – chuir na Naitsithe as oifig é mar mhéara ar Cologne.

I sé bhliana idir 1949-55, bhain Adenauer spriocanna forleathana amach i dtaobh beartais eachtraigh chun an Ghearmáin a nascadh laistigh de chomhaontas an iarthair: ballraíocht ar Chomhairle na hEorpa (1951), bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (1952), agus dul isteach na Gearmáine in ECAT (1955).

Bhí an t-athmhuintearas a rinneadh leis an bhFrainc mar bhunchloch de bheartas eachtrach Adenauer. I dteannta uachtarán na Fraince Charles de Gaulle, thángthas ar am cinniúnach ó thaobh staire de: sa bhliain 1963 shínigh an Ghearmáin agus an Fhrainc, sean-naimhde tráth, conradh cairdis a bhí mar gharsprioc ar an mbóthar chun chomhtháthú na hEorpa.

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?