Cosán nascleanúna
Tagann an coinbhinsiún custaim idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír i bhfeidhm.
Síníonn an Bheilg, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe Conradh Aontas an Iarthair (Conradh na Bruiséile).
Bunaítear an Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta Eorpach (ECEE) chun Plean Marshall a chomhordú.
Tagann Comhdháil na hEorpa, arna cothú ag an gCoiste um Chomhordú Idirnáisiúnta ar Ghluaiseachtaí le haghaidh Aontú na hEorpa, le chéile san Háig, an Ísiltír. Winston Churchill atá ina chathaoirleach uirthi agus freastalaíonn 800 toscaire uirthi. Molann rannpháirtithe go mbunófaí tionól breithniúcháin Eorpach agus comhairle speisialta Eorpach le bheith i bhfeighil ar chomhtháthú polaitiúil agus eacnamaíoch thíortha na hEorpa. Molann siad freisin go nglacfar le cairt um chearta an duine agus go mbunófaí Cúirt Bhreithiúnais lena chinntiú go mbeadh meas ar chairt den sórt sin.