an tSualainnan tSualainn

Bliain iontrála san AE: 1995

Príomhchathair: Stócólm

Achar iomlán: 449,964 km²

Daonra: 9.2 milliún

Airgeadra: krona (kr)

Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1996

an tSualainn

Ag an tSualainn atá an daonra is mó sna tíortha Nordacha. Tá sliabhraon idir féin is an Iorua san iarthar agus tá Muirascaill Bothnia i dtuaisceart Mhuir Bhailt i bpáirt aici leis an bhFionlainn.

Talamh talmhaíochta is mó atá i ndeisceart na tíre, is is minicí na coillte de réir mar a théann duine ó thuaidh. Is tibhe an daonra i ndeisceart na Sualainne, leis, agus tá cónaí ar a lán daoine i ngleann Loch Mälaren agus i réigiún Öresund.

I 1971 deineadh Parlaimint aonseomra den Riksdag . Ar bhonn na hionadaíochta cionmhaire a thoghtar a 349 ball do théarma ceithre bliana.

Tá 17 000 Sámach dhúchasacha i measc dhaonra na tíre – pobal a fhaigheann formhór a theacht isteach ón réinfhia. Tá líon beag Fionlannach eitneacha ina gcónaí sa tSualainn, leis.

Onnmhairíonn an tSualainn cairr, táirgí innealtóireachta, cruach, gairis leictreonacha, trealamh cumarsáide agus táirgí páipéir.

Bhí ról ceannródaíochta ag Sualainnigh i laethanta tosaigh an chineama. Mauritz Stiller agus Victor Sjöström a bhí ar thús cadhnaíochta. Níos déanaí, bhí gairmréimeann thar lear ag stiúrthóirí amhail Ingmar Bergman agus ban-aisteoirí amhail Greta Garbo, Ingrid Bergman agus Anita Ekberg Is iomaí duine a cheanglaíonn ceol na Sualainne leis an bpopghrúpa ó na 70aidí ABBA.

Tá cáil ar chócaireacht na Sualainne as a Smorgåsbord (buifé míníneachtaí blasta), scadáin Bhaltacha, anraith piseanna agus pancóga.

Useful links

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

an tSualainn

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?