Cosán nascleanúna
an SpáinnBliain iontrála san AE: 1986
Príomhchathair: Maidrid
Achar iomlán: 504,782 km²
Daonra: 45.8 milliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 1999 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1991
Ardchláir arda agus raoin sléibhte amhail na Piréiní agus Sierra Nevada is mó atá ar mhórthír na Spáinne. Tá móraibhneacha ag sníomh ó harda sin, mar atá an Ebro, an Duero, an Tagus agus an Guadalquivir. Sa Mheánmhuir atá na hOileáin Bhailéaracha, agus cois cósta na hAfraice atá na hOileáin Chanáracha, a bhfuil féinriail acu.
Monarcacht bhunreachtúil is ea an Spáinn, le rí oidhreachtúil agus parlaimint le dhá sheomra: an Cortes. Is mór ag bunreacht 1978 an éagsúlacht teanga is chultúrtha laistigh den Spáinn aontaithe. Tá an tír arna roinnt ina 17 gcomhphobal fhéinrialathacha (réigiúin) is tá a n-údaráis a toghadh go díreacht acu uile. Sa Chatalóin, i dTír na mBascach agus sa Ghailís, tá stádas oifigiúil ag na teangacha réigiúnacha chomh maith leis an teanga náisiúnta, an Spáinnis, ar a dtugtar Castellano freisin.
Tá neart in earnálacha seirbhíse is monaróireachta na Spáinne, is tá an-bhrabús le baint as an talmhaíocht (go háirithe torthaí is glasrakí, ola olóige agus fíon).
Ó Velázquez sa 17ú céad, trí Goya san 18ú is sa 19ú, go Picasso, Dali agus Miro san 20ú, tá cultúr saibhir ealaíne ag an Spáinn. Tá ardmheas ar cheol is ar rince Flamenco na Spáinne ar fud an domhain agus is cloch mhíle i litríocht nua-aoiseach na hEorpa é úrscéal Cervantes, Don Quijote. Tá stiúrthóirí scannán Spáinneacha, amhail Pedro Almodóvar, Alejandro Amenábar agus Luis Buñuel, tar éis móran duaiseanna idirnáisiúnta a bhuachan.
Tá cáil ar chócaireacht na Spáinne as paella (mias ríse le sicín, bia mara agus glasraí), tortilla (uibheagán le prátaí ) agus sangria (fíon dearg is torthaí ann).
