Cosán nascleanúna
an tSlóivéinBliain iontrála san AE: 2004
Príomhchathair: Liúibleána
Achar iomlán: 20,273 km²
Daonra: 2 milliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 2007 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 2007
Bhíodh an tSlóivéin ar cheann de phoblachtaí na hIúgslaive, ach fuair sí neamhspleáchas i 1991 nuair a thit an Iúglslaiv as a chéile. An Iodáil, an Osgair, an Ungáir is an Chróit atá ar a teorainneacha.
Tá ceithre mhór-réigiún thíreolaíocha le chéile sa tSlóivéin: na hAlpa, an limistéar Dionarach, machaire na Panóine agus an Mheánmhuir. Tá an tír sléibhtiúil, agus is maith le Slóivéinigh sciáil agus fánaíocht. Ar an mbratach náisiúnta tá Triglav na dtrí bheann, an sliabh is airde sa tSlóivéin, le 2 864 méadar.
Ba chuid den Impireacht Ostra-Ungárach an tír tráth. Bunaíodh an phríomhchathair, Liúibleána, aimsir na Rómhánach. Cuireann a hollscoil, gona breis is 50 000 mac léinn, le saol cultúrtha gnóthach na cathrach. Ar na príomhthionscail tá páirteanna cairr, ceimiceáin, leictreonaic, fearais leictreacha, earraí miotail, teicstílí agus troscán.
Bíonn spéis ag turasóirí in uaimheanna cáiliúla Postojna, gona maisiúchán aolchuisní agus aolchoinnle. Is léir ó ghraifítí sna huaimheanna gur i 1213 a tháinig na chéad turasóirí anseo.Tá tionchar na gcomharsan go tréan ar chócaireacht na Slóivéine. Ón Ostair a thagann Strudel agus Wiener Schnitzel . Thug an Iodáil risotto agus ravioli agus an Ungáir gúlais. Císte traidisiúnta Slóivéineach is ea an potica , a dhéantar trí chiseal taois a rolláil le gallchnónna.
I measc na Slóivéineach is clúití tá an fisiceoir Jožef Stefan, an teangeolaí Franc Miklošič agus an t-ailtire Jože Plečnik.





