Cosán nascleanúna
an tSlóvaicBliain iontrála san AE: 2004
Príomhchathair: an Bhratasláiv
Achar iomlán: 48,845 km²
Daonra: 5.4 milliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 2009 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 2007
Deineadh stát neamhspleách de tSlóvaic in Eanáir 1993 nuair scoilt an tSeicslóvaic ina dhá cuid.
Ag croílár na hEorpa atá an tír, is nascann Abhainn na Danóibe lena comharsana í. Tá tuaisceart na tíre faoi Shléibhte Cairp agus is iontu atá na Tatra Arda – ceantar mór scíála agus mar a bhfuil an sliabh is airde sa tír – an Gerlachovsky ag 2 655 m. Machaire torthúil is ea ísealchríocha na Danóibe ina dtáirgtear cruithneacht, eorna, prátaí, biatas, torthaí, tobac agus fíonchaora.
Tá cumhachtaí teoranta ag an Uachtarán, a thoghtar do théarma cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann. Parlaimint aonseomra, a dtoghtar a 150 ball do théarma ceithre bliana, atá ag an tír.
Ó thaobh eitneachta, daonra 86% Slóvacach atá ann; na hUngáirigh an mionlach is mó.
Is iomaí dún ar bharr cnoic a thugann fianaise ar stair fhada ionraí na Slóvaice. Sa Bhratasláiv a chorónaítí ríthe na hUngáire tráth dá raibh, is tá oidhreacht shaibhir ailtireachta meánaoisí is barócaí aici.
Ar na miasa traidisiúnta áirítear domplagáin prátaí le cáis caorach agus anraith cabáiste le hispíní.
I measc na Slóvacach is clúití tá Štefan Banič a d'fhionn an parasiút i 1913, agus Andy Warhol, an pop-ealaíontóir a rugadh i SAM, ach arb ón tSlóvaic a thuismitheoirí.





