Cosán nascleanúna
an RómáinBliain iontrála san AE: 2007
Príomhchathair: Búcairist
Achar iomlán: 237,500 km²
Daonra: 21.5 milliún
Airgeadra: leu na Rómáine
Limistéar Schengen: Níl ina ball de Schengen
In oirdheisceart na hEorpa atá an Rómáin, atá sléibhiúil sa tuaisceart agus a bhfuil gleann ollmhór na Danóibe sa deisceart aici. Déanann an abhainn deilt is í ag déanamh ar an Mhuir Dhubh, atá ina tearmann fiadhúlra don iliomad éan dúchasach is imirceach.
Dhá sheomra atá i bParlaimint na Rómáine, mar atá an Senat (Seanad) agus an Camera Deputaţilor (Teach na dTeachtaí). Toghtar baill an dá sheomra i dtoghcháin a thionóltar gach ceithre bliana.
Ó thaobh eitneachta, daonra 90% Rámánach agus 7% Ungárach atá ann. De shliocht díreach na Laidine an Rómáinis, amhail roinnt teangacha eile i ndeisceart na hEorpa, bíodh is go bhfuil an Rómáin deighilte ag teangacha Slavacha ó na teangacha eile Rómánsacha. Tá an-chuid acmhainní nádúrtha ag an Rómáin - ola, gás nádúrtha, gual, iarann, umha agus báicsít. I measc na bpríomhthionscal tá miotalóireacht, peitri-cheimiceáin agus innealtóireacht mheicniúil.
Ar speisialtachtaí bia na Rómáine áirítear feoilmheallta gríosctha, feoil chuachta i nduilleoga cabáiste, stobhach muiceola le gairleog is oinniúin agus taoschnónna a dhéantar le huachtar is le cáis.
Ba én cunta Rómánach ón 15 ú céad, Vlad Dracul, a raibh clú ar a mhac as naimhde a shonnadh le linn cogaidh, a spreag an scéal uafáis Dracula. I measc na Rómánach ná fuil chomh cáiliúil sin tá an scríbhneoir Eugene Ionesco, an gleacaí Nadia Comăneci agus an cumadóir George Enescu.

