Cosán nascleanúna

You are in the principal navigation of the site

Málta

Cúig oileán ar leith atá i Málta. Tá sé suite i lár na Meánmhara, ó dheas ón tSicil (an Iodáil), soir ón Túinéis agus ó thuaidh ón Libia. Tá Málta ar cheann de na tíortha is lú ar domhan agus is dlúithe daonra.

Seo na hearnálacha is mó a bhí i ngeilleagar Mhálta in 2012 – an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (21.1 %); an córas riaracháin phoiblí, seirbhísí cosanta, oideachais, sláinte agus oibre sóisialta (19.4 %) agus an tionsclaíocht (13.0 %).

Is iad an Ghearmáin, Hong Cong agus an Fhrainc na tíortha is mó a n-easpórtálann sé earraí chucu agus an Iodáil, an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc is mó a n-iompórtálann sé earraí uathu.

Príomhchathair: Vaileite

Achar na tíre: 316 km2

Daonra: 417 546 (2012)

Daonra mar % de dhaonra iomlán an AE: 0.1 % (2012)

Olltáirgeacht intíre: € 6.88 billiún (2012)

Teangacha oifigiúla de chuid an AE: an Mháltais, an Béarla

Córas polaitíochta: poblacht pharlaiminteach

Ina Bhallstát den AE ón: 1 Bealtaine 2004

Líon a Fheisirí i bParlaimint na hEorpa: 6

Airgeadra: Ball den limistéar euro English ón 1 Eanáir 2008

An féidir dul isteach sa tír gan phas? Is féidir. Ball de Limistéar Schengen ón 1 Bealtaine 2004

Uachtaránacht na Comhairle: Beidh Uachtaránacht Chomhairle an AE faoi chúram Mhálta den chéad uair riamh in 2017.

Tuilleadh eolais

Málta san AE

Parlaimint na hEorpa

Tá 6 Fheisire ag Málta i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa i Málta English

Comhairle an AE

Is é a dhéantar i gComhairle an AE go dtagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an AE a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas Mhálta i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an AE

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an AE. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an AE.

Na tréimhsí a mbeidh an uachtaránacht faoi chúram Mhálta lena linn:

Ean-Meith 2017

Tuilleadh eolais faoin uachtaránacht atá ar Chomhairle an AE faoi láthair Englishfrançaisitaliano.

An Coimisiún Eorpach

Is é Karmenu Vella English an té a cheap Málta ina Choimisinéir ar an gCoimisiún Eorpach. An Comhshaol, Gnóthaí Muirí agus Iascach na cúraimí atá air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. "Ionadaíochtaí an Choimisiúin" a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin i Málta

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

5 ionadaí English ag Málta ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin – ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste na Réigiún

5 ionadaí English ag Málta ar Choiste na Réigiún, sin tionól d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla ar leibhéal an AE. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis an gcoiste sin chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san AE i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an AE

Bíonn Málta i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an AE tríd an mbuanionadaíocht atá aige sa Bhruiséil. Sin "ambasáid Mhálta chuig an AE" agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san AE.

Buiséid agus Maoiniú

An méid airgid a thugann Málta don AE agus an méid a fhaigheann sé ar ais

Tá an méid airgid a íocann na Ballstáit isteach i mbuiséad an AE roinnte go cothrom eatarthu de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu. Níl sé mar aidhm le buiséad an AE an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.

Miondealú ar chaidreamh airgeadais Mhálta leis an AE in 2012:

  • Caiteachas iomlán an AE i Málta: € 141 milliún
  • Caiteachas iomlán an AE mar % d'olltáirgeacht intíre Mhálta: 2.25 %
  • Ranníocaíocht iomlán Mhálta isteach i mbuiséad an AE: € 59.2 milliún
  • Ranníocaíocht Mhálta isteach i mbuiséad an AE mar % d'olltáirgeacht intíre na tíre: 0.94 %

Tuilleadh figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an AE:

Tionscadail i Málta a fuair maoiniú ón AE

An t-airgead a d'íoc Málta isteach i mbuiséad an AE, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an AE – m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón AE chun tairbhe do Mhálta.

Eolas praiticiúil