Cosán nascleanúna
an LaitviaBliain iontrála san AE: 2004
Príomhchathair: Ríge
Achar iomlán: 65,000 km²
Daonra: 2.3 milliún
Airgeadra: lats (Ls)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 2007
Fuair an Laitvia a neamhspleáchas ar ais ó Aontas na Sóivéide i 1991. Ar an gcósta Baltach, tír íseal is ea an Laitvia ina bhfuil foraoiseacha móra a thugann adhmad do thionscail na tógála agus an pháipéir. Timpeallacht shaibhir fiadhúlra atá aici. Táirgeann an Laitvia earraí tomhaltóirí, teicstílí agus uirlisí inneall freisin. Tágann turasóirí chun na tíre ó gach cearn den Eoraip.
Ó thaobh eitneachta, tá an daonra 59% Laitviach agus 29% Rúiseach, agus breis is trian acu ina gcónaí sa phríomhchathair Ríge. I 1201 a bunaíodh Ríge agus is í an chathair is mó sna trí stát Bhaltacha, le daonra 730 000. Tá Dealbh na Saoirse inti ar cheann de na leachta is airde san Eoraip, ag 43 méadar.
Toghtar Parlaimint aonseomra na Laitvia,an Saeima , gach ceithre bliana le vótáil dhíreach an phobail. Tá 100 suíochán inti. An Pharlaimint a thoghann an tUachtarán, gach ceithre bliana freisin.
Ar na Laitviaigh cháiliúla tá an péintéir eispriseanach Mark Rothko agus an cumadóir comhaimseartha Peteris Vasks.
Ar shainghnéithe chócaireacht na Laitvia tá speķapīrādziņi (pióga bágúin) agus anraith fuar íocshláinteach d'uachtar searbh.


