Cosán nascleanúna
an IodáilBliain iontrála san AE: Ball bunaithe (1952)
Príomhchathair: an Róimh
Achar iomlán: 301,263 km²
Daonra: 60 milliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 1999 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1990
Tá an Iodáil sléibhtiúil go príomha, seachas machaire an Po sa tuaisceart, atá idir na hAlpa agus lár na Meánmhara. Tá oileáin na Sicile, na Sairdíne, Elba agus thart ar 70 ceann níos lú inti. Tá dhá stát bheaga neamhspleácha laistigh de leithinis na hIodáile: Cathair na Vatacáine sa Róimh, agus Poblacht San Mairíne.
Tá parlaiminte dhá sheomra ag an Iodáil, ina bhfuil Seanad (Senato della Repubblica) nó teach uachtarach agus Teach na dTeachtaí (Camera dei Deputati). Gach cúig bliana a bhíonn toghcháin.
Is iad an turasóireacht, innealtóireacht, ceimiceáin, carranna agus bia príomh-earnálacha geilleagracha na tíre. Tá tuaisceart na hIodáile ar na réigiúin per capita is saibhre san Eoraip.
Bhí leithinis na hIodáile mar lárionad na holl-Impireachta Rómhánaí. D'fhág sí oidhreacht liteartha, chultúrtha agus seandálaíochta ollmhó, agus is inti rugadh daonnachas na meánaoise agus an Renaissance. Chabhraigh sé sin sin a thuilleadh chun machnamh polaitiúil, fealsúnacht agus ealaín na hEorpa a mhúnlú trí dhaoine mar Machiavelli, Dante, Leonardo da Vinci agus Galileo.
Is liosta le háireamh líon na n-ealaíontóirí Iodálacha, lena n-áirítear Giotto, Botticelli, Leonardo, Michelangelo, Tintoretto agus Caravaggio. Ón tír sin do chumadóirí ceoldrámaí amhail Verdi agus Puccini agus an déantóir scannán Federico Fellini.
Tá cócaireacht na hIodáile ar na cinn is éagsúla agus is caoine san Eoraip, ó bhlasanna goinbhlasta Napoli agus Calabria go miasa pesto Liguria agus miasa cáise agus risotto Alpa na hIodáile.



