Cosán nascleanúna
an UngáirBliain iontrála san AE: 2004
Príomhchathair: Búdapeist
Achar iomlán: 93,000 km²
Daonra: 10 milliún
Airgeadra: forint (Ft)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 2007
Stát talamhiata le móra comharsan is ea an Ungáir - an tSlóvaic, an Úcráin, an Rómáin, an tSeirbia, an Chróit, an tSlóivéin agus an Ostair. Tá sí leacaithe don chuid is mó, le sléibhte ísle sa tuaisceart. Is é Loch Balaton, lárionad cáiliúil turasóireachta, an loch is mó i lár na hEorpa.
B'iad na treabhanna Magyar, a bhog isteach in imchuach Cairp in 896, sinsir na hUngárach eitneach. Deineadh ríocht Chríostaí den Ungáir faoi Naomh Stiofán sa bhiain 1000. Ní cosúil an Ungáiris le haon teanga comharsanachta agus is cian a gaol leis an bhFionlainnis is leis an Eastóinis.
Dhá chathair ar leith a bhí sa phríomhchathair, Búdapeist, tráth dá raibh. Búda agus Peist. Ar dhá thaobh na Danóibe atá sí, tá saibhreas staire is cultúir aici is tá cáil a toibreacha leighis uirthi. Tá parlaimint aonseomra nó comhthionól náisiúnta ag an Ungáir, agus toghann na vótálaithe a 386 ball gach ceithre bliana.
Tá roinnt acmhainní nádúrtha teoranta (báicsít, gual agus gás nádúrtha) ag an Ungáir, fara ithreacha torthúla agus talamh beatha. Baintear taitneamh as fíonta Ungáracha ar fud na hEorpa. Ar phríomh-onnmhairithe monaraithe na tíre áirítear trealamh leictreach is leictreonach, innealra, bia-ábhair agus ceimiceáin.
Tír an-cheolmhar is ea an Ungáir, agus spreag a cuid ceoil tíre mórchumadóirí náisiúnta amhail Liszt, Bartók agus Kodály. Ar na hUngáraigh cháiliúla eile tá Albert Szent-Györgyi , a d'fhionn Vitimín C, an scríbhneoir agus buaiteoir Dhuais Nobel Imre Kertész agus an stiúrthóir scannán a bhuaigh Oscar, István Szabó.















