Cosán nascleanúna
An GhréigBliain iontrála san AE: 1981
Príomhchathair: An Aithin
Achar iomlán: 131 957 km²
Daonra: 11.2 mhilliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 2001 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1992
Tá an Ghréig suite ar an gcuid is faide ó dheas de leithinis na mBalcán in oirdheisceart na hEorpa, gar do chrosbhóthar na hEorpa agus na hÁise. Áirítear ar a críocha breis is 2,000 oileán sa Mhuir Aeigéach agus sa Mhuir Iónach, nach bhfuil ach 165 díobh nó mar sin áitithe. Is é Sliabh Oilimpeas an pointe is airde sa tír.
Tá an Ghréig ar cheann de chliabháin shibhialtacht na hEorpa, ina ndearna scoláirí ársa dul chun cinn san fhealsúnacht, sa leigheas, sa mhatamaitic agus sa réalteolaíocht. Ceannródaithe ab ea na cathairstáit sin i bhforbairt foirmeacha daonlathacha rialtais. Tá tionchar ag oidhreacht stairiúil agus chultúrtha na Gréige ar shaol na linne seo – ar an litríocht, an ealaín, an fhealsúnacht agus an pholaitíocht.
Tá struchtúr poblachtach na Gréige sa lá atá inniu ann bunaithe ar bhunreacht 1975. Toghtar 300 ball na parlaiminte aon seomra ar feadh tréimhse cheithre bliana. I dtrí cinn déag de réigiúin riaracháin atá an tír roinnte.
Tá níos mó ná 50% de thionsclaíocht na Gréige suite i mórcheantar na hAithine agus is iad an talmhaíocht, an turasóireacht, an fhoirgníocht agus an loingeas na príomhearnálacha geilleagracha.
Ar na Gréagaigh is fearr aithne inniu tá an déantóir scannán Kostas Gavras, Odysseus Elitis a bhuaigh Duais Nobel, agus an cumadóir Mikis Theodorakis.
Ar fheoil an ghabhair agus na caorach atá cócaireacht na Gréige bunaithe. Bíonn tóir ar bhéilí éisc, leis. Cuireann ola olóige, a dtáirgtear méideanna móra de, le blas sainiúil bhia na Gréige.
