an Ghearmáinan Ghearmáin

Bliain iontrála san AE: Ball bunaithe (1952)

Príomhchathair: Beirlín

Achar iomlán: 356,854 km²

Daonra: 82 milliún

Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 1999 (€)

Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1985

an Ghearmáin

Ag an nGearmáin atá an daonra is mó in aon tír AE. Síneach a críocha ón Muir Thuaidh agus Muir Bhailt sa tuaisceart chuig na hAlpa ó dheas, agus téann cuid de mhóraibhneacha na hEorpa tríothu, amhail an Réin, an Danóib agus an Elbe.

Poblacht chónaidhmee is ea an Ghearmáin. Is iad na reachtóirí ag an leibhéal náisiúnta an Bundestag , a dtoghann an pobal a bhaill gach ceithre bliana agus an Bundesrat , ina bhfuil 69 iolnadaí ó na 16 stát (Bundesländer).

Tar éis an Dara Coghadh Domhanda, roinneadh an Ghearmáin idir an tIarchar daonlathach agus an tOirthear (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine). Balla Bheirlín ba shiombail den roinnt sin. Thit sé i 1989 agus athaontaíodh an Ghearmáin an bhliain dár gcionn.

An Ghearmáinis an teanga is mó a labhraítear mar theanga dhúchais san Aontas Eorpach. Ag an nGearmáin atá an tríú geilleagar is mó ar domhan, is táirgeann sé gluaisteáin, táirgí beacht-innealtóireachta, trealamh leictreonacha is cumarsáide ceimiceáin agus cógaisíocht, agus a lán eile nach iad. D'infheistigh a cuid cuideachtaí go mór sna tíortha ó lár is oirthear na hEorpa a tháinig isteach sa AE in 2004.

Mar áit bhreithe Johann Sebastian Bach, Ludwig van Beethoven, Johannes Brahms agus Richard Wagner, agus a lán eile, tá tábhacht lenar thug an Ghearmáin do cheol clasaiceach na hEorpa. I machnamh is i bhocal, le hoidhreacht ollmhór na Gearmáine a bhaineann saothar Luther, Goethe, Schiller, Nietzsche, Kant, Brecht agus Thomas Mann.

An Ghearmáin an dara táirgeoir leannlusanna is mó ar domhan agus tá cáil ar an tír as mianach a beoracha. Táirgtear fíon i ngleannta an Moselle agus na Réine.

Useful links

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

an Ghearmáin

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?