Cosán nascleanúna
an FhionlainnBliain iontrála san AE: 1995
Príomhchathair: Heilsincí
Achar iomlán: 338,000 km²
Daonra: 5.3 milliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 1999 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1996
An Fhionlainn, tír na gcoillte is na lochanna, is dócha gur fearr aithne uirthi as a háilleacht nádúrtha nár milleadh. Sa chiantuaisceart maireann na hOícheanta Geala, nuair ná téann an ghriain faoi, ar feadh 10 seachtaine sa samhradh. Sa gheimhreadh bíonn beagnach ocht seachtaine ag an limistéar sin nuair ná héiríonn an ghrian riamh.
Toisc gur chuid den tSualainn í an Fhionlainn ar feadh seacht gcéad bliain (ón 12ú Céad go 1809), Sualainnis a labhraíonnn thart ar 6% den daonra. Fuair an Fhionlainn a neamhspleáchas tar éis réabhlóid na Rúise i 1917. Is poblacht í an Fhionlainn ó shin i leith. Parlaimint aonseomra atá aici agus toghtar a 200 ball gach ceithre bliana.
D'fhorbair an tír geilleagar nua-aoiseach, iomaíoch, agus is ceannaire domhanda sa trealamh cumarsáide í. Sna príomhonnmhairithe tá trealamh telecom agus táirgí innealtóireachta, páipéar, garr is lumpar, earraí gloine, cruach dhosmálta agus criadóireacht.
Spreag a háilleacht thuaisceartach chianda a lán eolaíontóirí, ina measc an cumadóir Jean Sibelius agus an dearthóir Alvar Aalto. Ón bhFionlainn do roinnt mór-réaltaí spóirt, ina measc na tiománaithe Fhoirmle a hAon Mika Häkkinen agus Kimi Räikkönen.
Tá tionchar Rúiseach, Sualannach agus mór-roinneach le brath ar chócaireacht na Fionlainne. Ar na speisialtachtaí tá éisc (go háirithe bradáin agus pis turbaird), chomh maith le feoil réinfhia. Miasa ar fiú triail a bhaint astu is ea karjalanpiirakka (taosrán ríse nó prátaí) agus kalakukko (iasc agus saill muiceola arna mbácáil laistigh de bhuilín).








