Cosán nascleanúna
an EastóinBliain iontrála san AE: 2004
Príomhchathair: Taillinn
Achar iomlán: 45,000 km²
Daonra: 1.3 milliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 2011 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 2007
Is í an Eastón an ceann is sia ó thuaidh de na stáit Bhaltacha, is fuair sí a neamhspleáchas ar ais ó Aontas na Sóivéide i 1991. Tír leacaithe í go príomha, ar chladaí thoir Mhuir Bhailt, le cuid mhaith lochanna is oileán. Feirmeacha nó coillte atá ar a lán den talamh.
Tá gaol gairid ag an Eastóinis leis an bhFionlainnis, ach níl aon chosúlacht aici le teangacha na bpoblachtaí Baltacha eile, an Laitvia is an Liotuáin, nó le Rúisis. De bhunadh Rúiseach atá thart ar an gceathrú cuid den daonra.
Tá an phríomhchathair, Taillinn, ar cheann de na cathracha meánaoiseacha is fearr a caomhnaíodh san Eoraip, agus is ón turasóireacht a thagann 15% d'OTI na hEastóine. Innealtóireacht, táirgí bia, miotail, ceimiceáin agus táirgí adhmaid a thiomáineann an geilleagar.
I rith na staire, bhí tionchar ag cuid mhaith náisiún eile - Danmhargaigh, Gearmánaigh, Sualannaigh, Polannaigh is Rúisigh - ar chócaireacht na hEastóine. Tá eascann mharanaithe, ispín fola agus stobhach sauerkraut le muiceoil ar na miasa traidisiúnta.
I measc na nEastónach clúiteach tá an scríbhneoir Jaan Kross, ar aistríodh a shaothar go 20 teanga ar a laghad, údar na heipice náisiúnta (Kalevipoeg) Friedrich Reinhold Kreutzwald, agus an scríbhneoir, déantóir scannán, taidhleoir agus polaiteoir Lennart Meri.





