Cosán nascleanúna

an Danmhairgan Danmhairg

Bliain iontrála san AE: 1973

Príomhchathair: Cóbanhávan

Achar iomlán: 43,094 km²

Daonra: 5.5 milliún

Airgeadra: krone na Danmhairge (kr.)

Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1996

an Danmhairg

Detailed map - click on the map

Sa Danmhairg tá leithinis na hIútlainne (Jylland) agus timpeall 400 oileán ainmnithe. Tá daoine ina gcónaí ar 82 acu, agus is iad Fyn agus an tSéalainn (Sjælland) na cinn is mó.

Tá tionscal mór iascaigh ag an Danmhairg, agus loingeas trádála cuibheasach mór. I measc phríomhréimsí gníomhaíochta earnáil na déantúsaíochta tá táirgí bia, ceimiceáin, innealra, táirgí miotail, trealamh iompair agus leictreach, beoir agus táirgí páipéir agus adhmaid. Gníomhaíocht gheilleagrach thábhachtach is ea an turasóireacht freisin.

Idir an 8ú is an 11ú Céad, Lochlannaigh a thugtaí ar na Danmhargaigh. I dteannta na nIoruach is na Sualannach, choilínídis siad is chreachaidís siad gach cuid den Eoraip. Bíonn bród ar Dhanmhargaigh an lae innniu as a stát leasa shóisialta lena choimirce shóisialta fhairsing do chách.

Monarcacht bhunreachtúil is ea an Danmhairg, a fheidhmíonn inniu faoi bhunreacht 1953. Sa pharlaimint aonseomra nó an Folketing tá 179 ball tofa.

I measc na nDanmhargach is cáiliúla tá an scríbhneoir Hans Christian Andersen, a bhfuil clú air as a shíscéalta, an t-údar Karen Blixen agus an dearthóir Arne Jacobsen. Tá aitheantas idirnáisiúnta ag cinéama na Danmhairge, go príomha i ngeall ar an stiúrthór scannán turgnamhach Lars von Trier.

Speisialtachtaí i gcócaireacht na Danmhairge is ea smørrebrød (ceapairí oscailte), prátaí beirithe nó siúcra-dhonnta, cabáiste dearg beirithe, muiceoil rósta agus lacha rósta.

Useful links

an Danmhairg

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ