Cosán nascleanúna
Poblacht na SeiceBliain iontrála san AE: 2004
Príomhchathair: Prág
Achar iomlán: 78,866 km²
Daonra: 10.5 milliún
Airgeadra: koruna na Seice (Kč)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 2007
Deineadh stát neamhspleách de Phoblacht na Seice in Eanáir 1993 nuair scoilt an tSeicslóvaic ina dhá cuid. Roimh Chogadh Domhnda II, bhí an tSeicslóvaic ar an 10 stát ba mhó tionscal ar domhan, agus ba é an t-aon stát i lár na hEorpa a bhí fós ina dhaonlathas go dtí 1938.
Tá príomhchathair na Seice, Prág, breis is 1 000 bliain d'aois is tá saibhreas ailtireachta stairiúla aici i stíleanna éagsúla. I ngeall air sin, bíonn an-tóir ar an gcathair ag lucht déanta scannán idirnáisiúnta.
Tá an-tábhacht fós leis an monarú mar ghníomhaíocht gheilleagrach, go háirithe táirgeadh gluaisteán, uirlisí innill, agus táirgí innealtóireachta. Tá tábhacht le tionscail an iarainn is na cruach sa Mhoráiv in oirthear na tíre. Is iad arbhar Indiach, biatas siúcra, prátaí, cruithneacht, eorna agus seagal na príomhbharra.
Tá thart ar 95% den tír faoi chnoic is faoi shléibhte – go hiontach don scíáil, don rothaíocht sléibhte is do shiúl na gcnoc. Tá toirc allta agus sionnaigh le fáil sna coillearnacha fairsinge.
Táirgeann Poblacht na Seice beoir a bhfuil cáil dhomhanda uirthi, amhail Pilsner. Táirgtear fíon sa deisceart i réigiúin na Moráive agus cuid den Bhoihéim. Fairis sin, tá 900 foinse nádúrtha a chinntíonn go dtáirgeann an tír a lán uisce mianraí. I measc na mias traidisiúnta tá “ knedlíky ”, saghas domplagáin a dhéantar as prátaí nó as arán.
Ar na Seicigh cháiliúla áirítear an t-ealaíontóir Art Nouveau Alfons Mucha, na cumadóirí Antonin Dvorák agus Bedrich Smetana, an reathaí maratóin Emil Zátopek agus na scríbhneoirí Franz Kafka agus Milan Kundera.












